Home
Categories
EXPLORE
True Crime
Comedy
Society & Culture
Business
Sports
History
Fiction
About Us
Contact Us
Copyright
© 2024 PodJoint
00:00 / 00:00
Sign in

or

Don't have an account?
Sign up
Forgot password
https://is1-ssl.mzstatic.com/image/thumb/Podcasts125/v4/a3/73/b7/a373b7c6-1ec0-09ca-3abc-c35c3327fd68/mza_14237673524047182903.jpg/600x600bb.jpg
Nuall na nÓg
Nuall na nÓg
39 episodes
6 days ago
Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️🎉
Show more...
Arts
RSS
All content for Nuall na nÓg is the property of Nuall na nÓg and is served directly from their servers with no modification, redirects, or rehosting. The podcast is not affiliated with or endorsed by Podjoint in any way.
Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️🎉
Show more...
Arts
Episodes (20/39)
Nuall na nÓg
Fuaim an Fhómhair: Agóid, Amhráin, & Athrú

Sa chlár seo, labhraímid faoi na scéalta móra atá i mbéal an phobail; rás don uachtaránacht, an agóid náisiúnta ar son na Gaeilge, (easpa) nasc idir uathachas agus Tylenol, agus (easpa) sos cogaidh i nGaza. 

Ar an taobh níos éadroime, tá muid ag súil le Cork Jazz Festival agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste! I saol na healaíne, roinnimid ár gcuid moltaí le déanaí:

  • Staidéar ar an gCailleach le Doireann Ní Ghlacáin

  • Traic úr ó Huartan (agus albam nua ar na bacáin)

  • Daughters of Jerusalem Choir ag teacht go hÉirinn gan mhoill

Show more...
2 weeks ago
43 minutes 53 seconds

Nuall na nÓg
Baois na hóige: Polaitíocht, Brídeoga Róbatacha agus Droch-Fhuáil

An tseachtain seo, déanann Anna cur síos ar a ról úr mar bhanríon FOMO i ndiaidh chúrsaí craiceáilte an tsamhraidh. Pléimid an méadú ar ionsaithe ciníocha in Éirinn, chomh maith leis an mbaol a bhaineann leis an ngluaiseacht frithvacsaíní, atá á tiomáint ag RFK jr i Meiriceá. Chomh maith leis sin, déanaimid iniúchadh ar shaol aisteach de dhaoine atá ag pósadh róbait AI, agus ar iarracht Anna a cuid éadaí Electric Picnic féin a fhuáil i seachtain amháin (níl inneall fuála aici…).

Show more...
2 months ago
48 minutes 20 seconds

Nuall na nÓg
Soiscéal na nUltach: Sinners, Spallaíocht agus Sluaite i Westminster

An tseachtain seo, pléimid na heachtraí a thit amach le mí anuas  – tá Trump agus Musk ag troid lena chéile, téann Kneecap ó shluaite ag Coachella go cúirteanna i Westminster, agus an cheist mhór - an bhfuil na hUltaigh na OGs de Phrotastúnachas Soiscéalach? Tchífidh muid ag Féile na Gealaí sibh!

Ceol na míosa: Phases le Beoga 

Scannán na míosa: Sinners 


Show more...
5 months ago
55 minutes 20 seconds

Nuall na nÓg
Breith Suas Linn: An scannal is déanaí is saol na polaitíochta & an chultúir

Sa chlár seo, pléimid tionchar an chultúir nua-aimseartha ar mheon na mac léinn maidir leis an Ghaeilge, ach an bhfuil an córas oideachais fós ag teip orthu? Ansin, caithfimid trácht a dhéanamh ar pholaitíocht chonspóideach Mheiriceá agus ar phleananna Trump, atá idir aisteach agus dáinséarach. Níos cóngaraí dúinn féin, bhí athrú stairiúil ann i gcúirteanna an Tuaisceart ó aimsir na Péindlíthe, chomh maith leis an cheist mhór i dTithe an Oireachtais faoi easpa Gaeilge an Cheann Comhairle. Bígí linn!

Show more...
8 months ago
45 minutes 19 seconds

Nuall na nÓg
Pod Chinn Bhliana 2024 - Ar Bealach na Réabhlóide

Sa chlár seo dár bpodchraoladh, caithimid súil siar ar na scéalta móra ó 2024. Ón bhfuacht go dtí an teas, is cosúil go bhfuil an domhan faoi uisce agus trí thine ag aon am amháin. Éist linn agus muid ag déanamh athbhreithniú ar an bhliain seo caite, ag déanamh anailíse ar chúrsaí reatha, ar ealaín, scannáin agus go leor eile. Ach agus muid ag smaoineamh ar fhéidearthachtaí fiáine 2025, is í an cheist ná:Cad atá romhainn? An mbeidh sé ina réabhlóid, nó an tríú Cogadh Domhanda? Tá rud amháin cinnte— caithfidh sé a bheith ar cheann amháin nó an ceann eile.

Show more...
9 months ago
1 hour 11 minutes 3 seconds

Nuall na nÓg
Bród: Stair agus Todhcaí an Gníomhaíochais
Toisc gur deireadh seachtaine ceiliúrtha bród a bhí ann, chaith Anna & Kathleen súil siar ar bhunús Pride, ó círéibeacha Stonewall go dtí an lá inniu. Le cloisteáil anois ar Spotify, Apple Podcasts srl.
Show more...
1 year ago
34 minutes

Nuall na nÓg
Oidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú Trí Cheol: Comhrá le Catríona Ní Ghribín

Sa phodchraoladh seo, labhair Anna le Catríona Ní Ghribín fána obair a rinne sí don mháistreacht ag caomhnú amhráin a bhí i mbaol caillte in iarthuaisceart Tír Chonaill, agus an tábhacht idir an béaloideas agus an ceol. Fosta, insíonn sí dúinn faoina bhanna úr Huartán, agus an dóigh a meascann siad gnéithe nua-aimseartha leis an cheol traidisiúnta. Is féidir éisteacht leis an eagrán seo ar spotify nó cibé áit a héisteann sibh le bhur bpodchraoltaí. Chomh maith le sin, déanaigí cinnte éisteacht le Huartán ar Spotify, agus le halbam Catríona leis na hamhráin a bhailigh sí i rith na máistreachta air darb ainm 's’iomaí coiscéim fada'.  

Show more...
1 year ago
41 minutes 14 seconds

Nuall na nÓg
Comhghuaillíocht leis an Phalaistín

Sa phodchraoladh seo, pléimid stair bhréige de bhunú an Iosrael, chomh maith leis an easpa tacaíochta a léirigh rialtas na hÉireann don chás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus tíortha ag baint a gcuid maoiniú ón UNWRA. Ar a bharr sin, bíonn muid ag caint ar cinneadh Sinn Féin chun taisteal go Meiriceá agus buaileadh le Genocide Joe, ról an Éimin ag saoradh na Palaistíne agus níos mó… 

Ná déanaigí dearmad chun bhur dtacaíochta a thabhairt d’eagraíochta áitiúla ag obair ar son na Palaistíne @irelandpsc @galway_ispc @cairdepalestinebf @cairdepalestinequb @irish.artists.for.palestine



Show more...
1 year ago
32 minutes 51 seconds

Nuall na nÓg
An Ghaeilge agus an Eite Chlé | Scoil Chois Claí 2023

Phléigh an painéal seo go leor gnéithe den Ghaeilge agus a nasc leis an eite chlé, ó obair óige agus tumoideachas go díchoilíniú agus meabhairshláinte. Tá Orla Nig Oirc, Ben Ó Ceallaigh, Andrias Ó Cathasaigh agus Kerron Ó Luain le cloisteáil ann. Bígí cinnte éisteacht leis an eipeasóid seo, tá sé suimiúil ar fad!

Show more...
1 year ago
54 minutes 3 seconds

Nuall na nÓg
Dúshlán Uí Chonghaile le hAndrias Ó Cathasaigh | Scoil Chois Claí 2023

Is staraí, scríbhneoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath é Andrias a bhfuil roinnt leabhair scríofa aige ar Karl Marx, Séamus Ó Conghaile, réabhlóid na Rúise, agus scríbhneoirí radacacha Gaeilge cosúil le Pádraic Ó Conaire. Labhair sé ag Scoil Chois Claí faoina chuid oibre ar Uí Chonghaile agus an dúshlán a thugann smaointe agus obair Uí Chonghaile don éite chlé inniu.

Show more...
1 year ago
28 minutes 56 seconds

Nuall na nÓg
Comhráite Oileánacha: le Fionnan Ó Conaola

An tseachtain seo, téann muid go hInis Oírr, áit ar bhuail Anna le Fionnan tráthnóna breá grianmhar. Labhraíonn Fionann fán tsaol san oileán, veigeánachas & biafhlaitheas, agus an tábhacht a bhaineann le caomhnú shaibhreas na teanga san oileán, agus a gcuid iarrachtaí sin a dhéanamh. Labhraíonn siad ar na dúshláin atá ag teacht le géarchéim na haeráide, agus cuireann siad béim ar na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála phlanda-bhunaithe in oileán beag cosúil le hInis Oírr. Déanaigí cinnte éisteacht leis an phlé spreagúil seo a thaispeánann an saibhreas cultúrtha, an inbhuanaitheacht agus an oidhreacht teanga; rudaí atá fíorspeisialta fá Inis Oírr.

Show more...
2 years ago
40 minutes 56 seconds

Nuall na nÓg
Athbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood.

Bígí le hAnna agus le Kathleen agus iad ag déanamh anailíse ar saol aoibhinn na pictiúrlainne le déanaí. An ceacht é Barbie ar smaointe Feimineacha? An ndéanann Oppenheimer tionscadal Manhattan a ghlóiriú? Nó nach bhfuil iontu ach scannáin iontacha? Pléann siad an tallann atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus aon díol bíse atá fós le teacht. Ar ndóigh, cloisimid roinnt anailísí láidre ó Andrew fosta. Beir leat do ghrán rósta!

Show more...
2 years ago
49 minutes 53 seconds

Nuall na nÓg
Breith Suas Linn! Mí an Mheithimh

Thugamar féin an samhradh linn leis an phod seo a chomrádaícunts. Ar ndóigh bhí an submarine (fomhuireán) sin ina cheap magaidh againn; ní éistfear le haon duine eile a deir go ndáiltear saibhreas an domhain ar mhaithe leis an tsaol fán chaipitleachas - go háirithe nuair is féidir le biliúnaithe 250k a íoc chun lámh a chur ina mbás féin... Agus muid ag trácht ar rudaí ar cheart iad a chur go bun na meara, is féidir slíomadóir an tsamhraidh a thabhairt ar Robbie Keane - atá ina bhainisteoir ar fhoireann peile san Iosrael. Masmasach!!! Into the Submarine Robbie Keane.. Bígí linn!

Show more...
2 years ago
39 minutes 46 seconds

Nuall na nÓg
Breith Suas Linn! Mí Aibreáin

Comhrá den scoth idir Anna agus Andrew ag amharc siar dóibh ar aistear s’aige go Hong Cong. Ba chaoin na cuimhní a bhí le cíoradh acu seal pléite na saoire. Tá rudaí maithe ar na bacáin d’Anna agus í ag pilleadh ar Éirinn go luath. Buille fá thuairim cé acu a chaill fidil sa tSín ? Tuilleadh fán chlann ríoga agus slíomadóirín eile…

Show more...
2 years ago
1 hour 5 minutes 18 seconds

Nuall na nÓg
I gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó Dochartaigh

Is beag rud níos deise ná suí cois tine le pionta Guinness i gcroílár Gaeltacht Bhéal Feirste, is cinnte é sin! Bhuail Anna isteach go Cumann Chluain Ard cúpla mhí ó shin chun caint le Darán ó Dochartaigh - aistritheoir agus gníomhaí teanga, fá stair agus todhchaí cumann cluain ard, láidreacht an teanga i mBF agus a aistear féin leis an Ghaeilge & an obair go dtí seo. Bainigí sult as!

Show more...
2 years ago
39 minutes 58 seconds

Nuall na nÓg
Breith Suas Linn! Machnamh ar Mhí Feabhra...
Is mó an rud a tharla le mí anuas, agus tá Anna & Andrew níos faide óna chéile na mar a bhí siad ariamh, ach bíonn am acu i gcónaí fá choinne dreas chomhrá agus giota scannal;)
Show more...
2 years ago
58 minutes 46 seconds

Nuall na nÓg
Machnamh, le Síomha

 SÍOMHA, sea SÍOMHA sa chathaoir the a chomhrádaithe. Ba ardú croí é an eipeasóid seo. Agus é ag druidim le comóradh bliana a halbaim ‘infinite space’, bí sé de phribhléid ag Anna a bheith ag labhairt le Síomha faoi na gnéithe éagsúla a bhaineann le halbam a chruthú, faoi bheith ainmninithe do na RTÉ Folk Awards, faoina cuid oibre le hAclaí Palestine, agus a podchraoladh nua ‘exploring infinite space and beyond’. Caithis mhillteanach 😩Is féidir libh tacú le obair Aclaí Palestine anseo: https://www.gofundme.com/f/acla-palestine-project  agus tá nascanna chuig Patreon Síomha ar leathanach insta s’aici.

Show more...
2 years ago
36 minutes 4 seconds

Nuall na nÓg
Ag foghlaim mar dhuine fásta: idir theanga agus cheol, le Miadhachlughain O'Donnell

Shuigh Anna le Miadhachlughain O’Donnell ag amharc siar ar an am a chaith siad lena chéile i rith na paindéime ag labhairt Gaeilge, ag canadh agus dar ndóigh, ag ól. Pléifidh Miadhach an dóigh ar bailíodh agus ar taifdeadadh na hamhráin dá EP úr, atá á sheoladh Dé hAoine beag seo (27ú Eanáir) sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus tá ticéid ar fáil saor in aisce ó shuíomh idirlín na Cultúrlainne - tá an nasc in san bio.  Bainigí sult a chairde!

Show more...
2 years ago
21 minutes 49 seconds

Nuall na nÓg
Pod Cinn Bhliana 2022
Bhuel féach a bhfuil anseo againn, pod úr cinn bhliana a chomrádaithe agus é i bhfad thar am. Éistigí le Andrew agus le Anna an uair seo. Beidh slíomadóirí na bliana 2022 á ndíchonstráidiú acu leis an deisbhéal, an giúmar agus an aiféis is dual daofa. Déanfar buaicphointí cultúir na bliana a chéiliúradh agus sceithfear sonraí samhnasacha Spotify Wrapped ó dhuine amháin acu. N’fheadar cé a bhí ann?! Bhí vadhbs gan smál ann seal taifeadta an phod agus táimid ag súil go mór libh a bheith ar ais inár gcuideachta aríst eile. Bígí lnn!
Show more...
2 years ago
56 minutes 59 seconds

Nuall na nÓg
Scéim Cónaithe Gaeilge QUB le Kathleen Ní Nualláin & Ciara Ní Ghadhra

Labhraíonn Anna le Kathleen Ní Nualláin & le Ciara Ní Ghadhra fán chéad scéim cónaithe Gaeilge in Ollscoil na Ríonna, fiafraítear daofa má tá siad ina mbaill de Chumann na bhfear buí agus fiosraítear cé na háiteanna is fearr fá choinne oíche drabhláis mBéal Féirste (glac a gcuid moltaí ar do phriacal féin - beirt culchies sa chéad bhliain iad ar ndóigh)

Show more...
3 years ago
34 minutes 23 seconds

Nuall na nÓg
Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️🎉