
Sa chlár seo, pléimid tionchar an chultúir nua-aimseartha ar mheon na mac léinn maidir leis an Ghaeilge, ach an bhfuil an córas oideachais fós ag teip orthu? Ansin, caithfimid trácht a dhéanamh ar pholaitíocht chonspóideach Mheiriceá agus ar phleananna Trump, atá idir aisteach agus dáinséarach. Níos cóngaraí dúinn féin, bhí athrú stairiúil ann i gcúirteanna an Tuaisceart ó aimsir na Péindlíthe, chomh maith leis an cheist mhór i dTithe an Oireachtais faoi easpa Gaeilge an Cheann Comhairle. Bígí linn!