
Sa phodchraoladh seo, labhair Anna le Catríona Ní Ghribín fána obair a rinne sí don mháistreacht ag caomhnú amhráin a bhí i mbaol caillte in iarthuaisceart Tír Chonaill, agus an tábhacht idir an béaloideas agus an ceol. Fosta, insíonn sí dúinn faoina bhanna úr Huartán, agus an dóigh a meascann siad gnéithe nua-aimseartha leis an cheol traidisiúnta. Is féidir éisteacht leis an eagrán seo ar spotify nó cibé áit a héisteann sibh le bhur bpodchraoltaí. Chomh maith le sin, déanaigí cinnte éisteacht le Huartán ar Spotify, agus le halbam Catríona leis na hamhráin a bhailigh sí i rith na máistreachta air darb ainm 's’iomaí coiscéim fada'.