Home
Categories
EXPLORE
True Crime
Comedy
Society & Culture
Business
Sports
History
News
About Us
Contact Us
Copyright
© 2024 PodJoint
00:00 / 00:00
Sign in

or

Don't have an account?
Sign up
Forgot password
https://is1-ssl.mzstatic.com/image/thumb/Podcasts211/v4/37/4f/43/374f43e3-8822-bfac-c14f-70eb16b48839/mza_12679353571749198766.jpg/600x600bb.jpg
Idir Chroí agus Anam
Tomaí Rua
7 episodes
6 days ago
Téigh ar aistear le Tomaí Rua agus é ag cíoradh ábhar caolchúiseach, neamhshaolta, dofheicthe - is é sin tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an domhan inmheánach, an spioradáltacht. Le linn na sraithe bíonn comhráite oscailte ionraice ag Tomaí le haíonna den scoth faoi thraidisiúin éagsúla ghaoise, faoin dearcadh atá acu ar mhistéir na beatha, agus faoi chleachtaí spioradálta ó cheann ceann na Cruinne. Tá lón machnaimh le fáil ina gcuid focal feasa, sin agus ábhar misnigh do gach taistealaí ar thuras an tsaoil. Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.
Show more...
Religion & Spirituality
RSS
All content for Idir Chroí agus Anam is the property of Tomaí Rua and is served directly from their servers with no modification, redirects, or rehosting. The podcast is not affiliated with or endorsed by Podjoint in any way.
Téigh ar aistear le Tomaí Rua agus é ag cíoradh ábhar caolchúiseach, neamhshaolta, dofheicthe - is é sin tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an domhan inmheánach, an spioradáltacht. Le linn na sraithe bíonn comhráite oscailte ionraice ag Tomaí le haíonna den scoth faoi thraidisiúin éagsúla ghaoise, faoin dearcadh atá acu ar mhistéir na beatha, agus faoi chleachtaí spioradálta ó cheann ceann na Cruinne. Tá lón machnaimh le fáil ina gcuid focal feasa, sin agus ábhar misnigh do gach taistealaí ar thuras an tsaoil. Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.
Show more...
Religion & Spirituality
Episodes (7/7)
Idir Chroí agus Anam
Pádraigín Ní Uallacháin | An Caoineadh, Leigheas an Cheoil agus Bandéithe na hÉireann

Is amhránaí, scríbhneoir, taighdeoir agus cumadóir í Pádraigín Ní Uallacháin a bhfuil a saol caite aici sna healaíona traidisiúnta, ag caomhnú amhráin a ceantair dúchais féin, Oirialla, agus ag cruthú saothar nua a bhfuil idir dhoimhneacht mhothúchánach agus saibhreas ceoil ina chroílár.

Shuigh sí féin agus Tomaí síos le labhairt ar an bhás agus ar an bheatha, ar thraidisiún an chaointe agus ar bhandéithe na hÉireann.

Phléigh siad chomh maith an tráma idirghlúine agus an tionchar atá aige ar Ghaeil inniu, foinse na cruthaitheachta, agus an bhrí níos doimhne a bhaineann lena cuid oibre i ndomhan na hamhránaíochta.

Tá tuilleadh eolais faoi shaothar Phádraigín le fáil ar a suíomh idirlín irishsong.com

Show more...
2 weeks ago
43 minutes 8 seconds

Idir Chroí agus Anam
An tAthair Brian Ó Fearraigh | Cleachtadh an Ghrá agus Dúchas an Chreidimh

Tá an tAthair Brian Ó Fearraigh ina shagart paróiste i nGaoth Dobhair, Gaeltacht Dhún na nGall.

Labhair sé le Tomaí faoina shaol féin mar shagart, faoi bhunteagasc na Críostaíochta, agus faoin íomhá atá aige féin go pearsanta de Dhia.

Phléigh siad chomh maith an tart spioradálta atá ar dhaoine - in ainneoin na n-athruithe atá tagtha ar an tsochaí - agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oidhreacht agus an dúlra.

Ar an drochuair, chuaigh Teach Pobail Mhuire i nGaoth Dobhair trí thine i mí Aibreáin 2025. Táthar ag bailiú airgid le Teach Pobail nua a thógáil agus is féidir tacú leis an fheachtas ar a leathanach gofundme.

Show more...
2 weeks ago
49 minutes 56 seconds

Idir Chroí agus Anam
Siobhán de Paor | An Réabhlóid Anama, Fuinneamh na Gaeilge agus Naofacht an Mháithreachais

Is file, scéalaí agus ceiliúraí í Siobhán de Paor atá ina léiriú beoga beathach ar an athshealbhú teanga, traidisiún agus diagachta atá ar siúl sa lá atá inniu ann.

Labhair sí le Tomaí faoin réabhlóid anama a thug uirthi aghaidh a thabhairt ar an India, faoin tsaoirse atá le fáil sa chomhfhios Gaelach, agus ar dhúshlán agus ar naofacht na breithe.

Is féidir teacht ar níos mó eolais faoin obair ar leith a dhéanann Siobhán ar saordepaor.com

Show more...
2 weeks ago
44 minutes 16 seconds

Idir Chroí agus Anam
Antain Mac Lochlainn | Na Stóigh agus Tóraíocht na Dea-Bheatha

Cad é an Stóchas? An bhfuil an teagasc go fóill ábhartha do shaol an lae inniu? Cad iad na cosúlachtaí idir é agus an Búdachas?

Labhair Tomaí faoin ábhar sin agus tuilleadh leis an sár-aistreoir agus scríbhneoir Antain Mac Lochlainn.

Phléigh siad an chomhairle a bhí ag na Sean-Stóigh, an dóigh ar amharc siad ar an chosmas, agus ar an dúshlán a bhaineann le cuid de na téarmaí fealsúnachta a aistriú go Gaeilge.

‘Tóraíocht na Dea-Bheatha’ is teideal don leabhar atá scríofa ag Antain ar chuid de na fealsaimh is clúití de chuid na Sean-Ghréige agus na Sean-Róimhe, saoithe an Stóchais ina measc.

Is féidir an leabhar a cheannach ar leabharbreac.com

Show more...
2 weeks ago
41 minutes 27 seconds

Idir Chroí agus Anam
Jenny Ní Ruiséil | Cosán an Ióga, Ayurveda agus Leigheas an Athcheangail

Is múinteoir ióga, ceoltóir agus treoraí í Jenny Ní Ruiséil atá ag athcheangal le naofacht dúchais na hÉireann trína cuid ceoil agus cleachtas.

Labhair sí le Tomaí faoina haistear pearsanta féin, faoin teagasc ársa domhain de chuid na hIndia, Tantra, ar an mhodh leighis Ayurveda, agus ar thraidisiún na mantraí.

Mhínigh Jenny chomh maith an bealach a bhfuil sí féin agus daoine eile ag athnascadh le bandéithe na hÉireann agus le spiorad na talún.

Is féidir tuilleadh a fháil amach faoi cheol Jenny, agus faoi na ranganna agus imeachtaí áille a eagraíonn sí, ar jennyniruiseil.com

Show more...
2 weeks ago
38 minutes 25 seconds

Idir Chroí agus Anam
Michael Harding | Súile an Chroí agus Brí na Beatha

Cad é mar is féidir linn a bheith i láthair agus suaimhneach san aois ghnóthach seo? An bhfuil brí leis an saol? Cad iad na cosúlachtaí idir mór-reiligiúin na cruinne?

Phléigh Tomaí na ceisteanna sin agus tuilleadh leis an údar aitheanta, colúnaí leis an Irish Times agus iarshagart, Michael Harding.

Thrácht siad chomh maith ar struchtúr coilíneach na hEaglaise Caitlicí in Éirinn, ar an bhás, agus ar an dóigh a gcuidíonn an Búdachas le Michael a bheith ina Chríostaí níos fearr.

Chun teacht ar an eolas is déanaí faoi leabhair Michael agus faoi na camchuairteanna iontacha a dhéanann sé ar fud na hÉireann, tabhair cuairt ar michaelharding.ie

Show more...
2 weeks ago
37 minutes 56 seconds

Idir Chroí agus Anam
Réamhrá le Tomaí Ó Conghaile

Labhraíonn Tomaí Rua faoin chúis ar chinn sé ar thús a chur le podchraoladh faoi thóraíocht an tsuaimhnis, faoin saol inmheánach, faoin spioradáltacht.

Insíonn sé dúinn faoina thuras pearsanta féin - ó bhás a mháthar go searmanais plandaí leighis - agus tugann blaiseadh de chuid den ábhar comhrá a bheidh le cluinstin le linn na sraithe.

Tá idir ailt, fhilíocht agus aistriúcháin faoi na téamaí seo foilsithe ag Tomaí agus is féidir a chuid oibre a leanúint ar Instagram agus ar ardáin eile.

Faoi Thomaí:

Is scríbhneoir, aistritheoir agus cuardaitheoir é Tomaí Rua atá aitheanta as a chuid oibre sna meáin Ghaeilge.

Bhunaigh sé an iris chultúir NÓS (agus Gradaim NÓS ina dhiaidh sin), bhí sé ina láithreoir raidió agus teilifíse leis an BBC ar feadh na mblianta, agus bíonn sé le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is ball bunaidh é den ghluaiseacht cearta teanga An Dream Dearg agus chaith sé sé bliana ag obair leis an Choimisiún Eorpach sa Bheilg, áit ar chuir sé tús leis an fhéile bhliantúil Éigse na Bruiséile.

Is mór an spéis atá aige i gcleachtais chneasaithe dúchais agus le deich mbliana anuas tá sé ag fiosrú an cheangail idir leigheas plandaí agus tráma na sinsear i gcomhthéacs na hÉireann, go háirithe an ról atá ag an Ghaeilge san obair thábhachtach sin.

Show more...
3 weeks ago
7 minutes

Idir Chroí agus Anam
Téigh ar aistear le Tomaí Rua agus é ag cíoradh ábhar caolchúiseach, neamhshaolta, dofheicthe - is é sin tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an domhan inmheánach, an spioradáltacht. Le linn na sraithe bíonn comhráite oscailte ionraice ag Tomaí le haíonna den scoth faoi thraidisiúin éagsúla ghaoise, faoin dearcadh atá acu ar mhistéir na beatha, agus faoi chleachtaí spioradálta ó cheann ceann na Cruinne. Tá lón machnaimh le fáil ina gcuid focal feasa, sin agus ábhar misnigh do gach taistealaí ar thuras an tsaoil. Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.