
Labhraíonn Tomaí Rua faoin chúis ar chinn sé ar thús a chur le podchraoladh faoi thóraíocht an tsuaimhnis, faoin saol inmheánach, faoin spioradáltacht.
Insíonn sé dúinn faoina thuras pearsanta féin - ó bhás a mháthar go searmanais plandaí leighis - agus tugann blaiseadh de chuid den ábhar comhrá a bheidh le cluinstin le linn na sraithe.
Tá idir ailt, fhilíocht agus aistriúcháin faoi na téamaí seo foilsithe ag Tomaí agus is féidir a chuid oibre a leanúint ar Instagram agus ar ardáin eile.
Faoi Thomaí:
Is scríbhneoir, aistritheoir agus cuardaitheoir é Tomaí Rua atá aitheanta as a chuid oibre sna meáin Ghaeilge.
Bhunaigh sé an iris chultúir NÓS (agus Gradaim NÓS ina dhiaidh sin), bhí sé ina láithreoir raidió agus teilifíse leis an BBC ar feadh na mblianta, agus bíonn sé le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is ball bunaidh é den ghluaiseacht cearta teanga An Dream Dearg agus chaith sé sé bliana ag obair leis an Choimisiún Eorpach sa Bheilg, áit ar chuir sé tús leis an fhéile bhliantúil Éigse na Bruiséile.
Is mór an spéis atá aige i gcleachtais chneasaithe dúchais agus le deich mbliana anuas tá sé ag fiosrú an cheangail idir leigheas plandaí agus tráma na sinsear i gcomhthéacs na hÉireann, go háirithe an ról atá ag an Ghaeilge san obair thábhachtach sin.