San eagrán seo, labhraím le John Prendergast atá a shaol go hiomlán tugtha don phleanáil teanga agus atá faoi láthair mar Bhainisteoir Chonradh na Gaeilge. Lena chois sin, tá John ag déanamh a dhoctúireachta bunaithe ar an bpleanáil teanga.
D'fhéadfaí a rá gur fear ildánach é le ana-chuid cleití ar a chaipín! Pléimid conas atá an teanga tar éis doirse phroifisiúnta agus phearsanta a oscailt ar shlí nach bhféadadh sé a shamlú sarar thosnaigh sé amach ó dheiseanna taisteal go Meiriceá Thuaidh chun an Ghaelainn a mhúineadh go dtí an tréimhse a chaith sé i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ag déanamh obair na gcapall chun na Gaelainne a chur chun chinn sa dúthaigh. Tá roinnt eile le foghlaim faoi John sa chomrá seo. Bainíg sásamh as.
Táim le fáil ar na meáin shóisialta leis ar:
Tiktok: (@gaelainnlesean)
https://www.tiktok.com/@gaelainnlesean?_t=ZN-8xwvFfwO2ru&_r=1Instagram (@GaelainnleSean) :
https://www.instagram.com/gaelainnlesean?igsh=ZHpmYzI5YWNqaDBj&utm_source=qr
Facebook: @GaelainnleSean:
https://www.facebook.com/profile.php?id=61576495225406
San eagrán seo, súim síos leis an ealaíontóir, tiktoker agus foghlaimeoir gaelainne, Céití Ní Chéilleachair agus labhraimid féna haistear teangan leis an dteanga agus conas a fhíonn sí an teanga isteach ina cuid ealaíona agus ar na meáin shóisialta.
(In this episode, I sit down with artist, tiktoker and Irish learner, Céití Ní Chéilleachair, and we talk about her language journey with the language and how she weaves the language into her artwork and on social media)
Tá Céití le fáil ar na meáin shóisialta :
Tiktok: @eire.saoirse.slainte :
instagram: @katiekellevolution
San eagrán seo suím síos leis an bhfear ildánach: rinceoir gaelach, láithreoir teilifíse 's raidio, cruthaitheoir inneachair dhigitigh agus scata cleití eile ar a chaipín, Jamie Ó Flannúra ón nDaingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Pléimid an Ghaelainn ina shaol agus é ag fás aníos mar aon leis an nGaelainn ina shaol gairmiúil agus pearsanta i láthair na huaire.
In this edition, I sit down with the multi-talented man: a Gaelic dancer, television and radio presenter, digital content creator, and many other feathers in his cap, Jamie Ó Flannúra from Dingle in the Corca Dhuibhne Gaeltacht. We discuss the Irish language in his life growing up, as well as Irish in his professional and personal life today.
Sa tarna eagrán seo, labhraím le Ciarán Ó Murchú, múinteoir ó Chorca Dhuibhne. Pléimid a óige ag fás aníos sa Ghaeltacht in Iarthar Dhuibhne agus a chaidreamh leis an nGaelainn thar na mblianta. Anuas ar sin, pléimid conas atá an teanga tar éis cur lena shaol, go gairmiúil agus go sóisialta, agus tugann sé cúpla leid do fhoghlaimeoirí leis, chun leanúint ar aghaidh lena n-aistear teanga. Bainíg súp as!___________________________________________________________In this second edition, we speak with teacher from the Corca Dhuibhne Gaeltacht (West Kerry), Ciarán Ó Murchú.
We discuss his youth growing up in the Gaeltacht in West Kerry and his relationship and attitude towards the Irish language over the years.
On top of that, we explore how the language has enriched his life, both professionally and socially, and he offers a few tips to learners to help them continue on their language journey.
Enjoy!
Má thaithin an t-eagrán seo leat, lean mé:
Instagram: https://www.instagram.com/gaelainnlesean?igsh=ZHpmYzI5YWNqaDBj&utm_source=qr
Tiktok: https://www.tiktok.com/@gaelainnlesean?_t=ZN-8wXGBAym5Hb&_r=1
Ríomhphost:
gaelainnlesean@gmail.com
Sa chéad eagrán den sraith nua seo, pléim m'aistear leis an nGaelainn, cad a spreag mé chun í a athfhoglaim agus mé i mo fhichidí. Bainíg sásamh as!
In this first episode of this new series, I discuss my journey with the Irish language, what inspired me to learn it again in my twenties. Enjoy!