
San eagrán seo, labhraím le John Prendergast atá a shaol go hiomlán tugtha don phleanáil teanga agus atá faoi láthair mar Bhainisteoir Chonradh na Gaeilge. Lena chois sin, tá John ag déanamh a dhoctúireachta bunaithe ar an bpleanáil teanga.
D'fhéadfaí a rá gur fear ildánach é le ana-chuid cleití ar a chaipín! Pléimid conas atá an teanga tar éis doirse phroifisiúnta agus phearsanta a oscailt ar shlí nach bhféadadh sé a shamlú sarar thosnaigh sé amach ó dheiseanna taisteal go Meiriceá Thuaidh chun an Ghaelainn a mhúineadh go dtí an tréimhse a chaith sé i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ag déanamh obair na gcapall chun na Gaelainne a chur chun chinn sa dúthaigh. Tá roinnt eile le foghlaim faoi John sa chomrá seo. Bainíg sásamh as.
Táim le fáil ar na meáin shóisialta leis ar:
Tiktok: (@gaelainnlesean)
https://www.tiktok.com/@gaelainnlesean?_t=ZN-8xwvFfwO2ru&_r=1Instagram (@GaelainnleSean) :
https://www.instagram.com/gaelainnlesean?igsh=ZHpmYzI5YWNqaDBj&utm_source=qr
Facebook: @GaelainnleSean:
https://www.facebook.com/profile.php?id=61576495225406