
Comhrá álainn le cara mór de chuid Sílim that, a bhfuil a phodchraoladh féin aige, Nóisin ar Raidió RíRá. Labhraíonn Cian faoin chinneadh deacair a chúrsa ollscoile a fhágáil, faoin phointe is ísle ina shaol, faoin ardteist le linn na pandéime, faoin éad agus faoin dóchas. Tá comhairle iontach aige maidir leis an éad a úsáid ar bhealach dhearfach, le fás a spreagadh.
*Rabhadh ábhair* Tá caint san agallamh seo ar an dúlagar agus ar chúrsaí meabhairshláinte.
Lean @mac_coisteala @noisin_pod le níos mó eolais a fháil faoin phodchraoladh iontach!
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.