Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú.
Seo an chéad eagrán aonair le beagnach bliain - fáilte ar ais!
Lean @silimthatpod ar Instagram agus ar TikTok!
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
TÁ MUID AR AIS!
Más féidir le Michael Murphy pilleadh ar an pheil idirchontae, is féidir le Sílim that pilleadh ar do chluasa!
San eagrán seo tá Seachtain na hEolaíochta á cheiliúradh againn, a bhuí le Taighde Éireann. Tá an athnuachan mar théama i mbliana do Sheachtain na hEolaíochta agus chuige sin, chuir mé agallamh ar Finn Van Der Aar, eolaí muirí, údar agus urlabhraí ar son athrú aeráide agus na timpeallachta.
Tuilleadh eolais www.scienceweek.ie @researchireland ar Instagram @scienceweek ar Twitter @research_ireland ar TikTok @scienceweekireland ar Facebook
www.finnvanderaar.com @finnvanderaar ar Instagram
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!
Léigh NÓS ar nós.ie (Comhairle Carad go háirithe!)
Lean @silimthatpod ar Instagram agus ar TikTok!
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile.
Lean @maire_nichurraoin @ancheadghluineile agus coinnigh súil amach don albam!
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir.
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
Labhraím le Rebecca James, coitseáil agus seachránaí, faoi theorainn, féinchúram chrua, an cinneadh ar ghlac sí gan a bheith ag ól, agus níos mó.
Lean @sonascoaching @rebeccajames__ le níos mó eolais a fháil faoina cuid oibre!
https://www.eventbrite.com/e/deireadh-seachtaine-follaine-tickets-748517575217?aff=ebdsshcopyurl&utm-campaign=social&utm-content=attendeeshare&utm-medium=discovery&utm-source=&utm-term=organizer-profile&utm-share-source=organizer-profile le ticéad a fháil don deireadh seachtaine folláine!
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
Comhrá álainn le cara mór de chuid Sílim that, a bhfuil a phodchraoladh féin aige, Nóisin ar Raidió RíRá. Labhraíonn Cian faoin chinneadh deacair a chúrsa ollscoile a fhágáil, faoin phointe is ísle ina shaol, faoin ardteist le linn na pandéime, faoin éad agus faoin dóchas. Tá comhairle iontach aige maidir leis an éad a úsáid ar bhealach dhearfach, le fás a spreagadh.
*Rabhadh ábhair* Tá caint san agallamh seo ar an dúlagar agus ar chúrsaí meabhairshláinte.
Lean @mac_coisteala @noisin_pod le níos mó eolais a fháil faoin phodchraoladh iontach!
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
Suím síos leis an fhear uasal, Mark Harte, le labhairt faoina shaol agus faoina shaothar. D'fhág Mark an post buan a bhí aige mar mhúinteoir le triail a bhaint as gairm iomlán nua agus tá sé anois ag obair mar Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Banríona, agus tá a chomhlacht féin aige chomh maith ina chuireann sé cóitseáil saoil ar fáil do dhaoine, Harte 2 Harte Coaching, gan trácht (pun intended!) ar an obair a dhéanann sé le TG4. Labhraíonn sé liom faoi na cinntí a rinne sé leis an stad seo a bhaint amach, agus na dóigheanna gur sháraigh sé an féinamhras chun na deiseanna seo a thapú.
Lean @harte2hartecoaching le níos mó eolais a fháil
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
Déanann Somhairle Mag Uidhir plé liom ar an dlúthpháirtíocht agus an Phalaistín.
@irish.artists.for.palestine @cairdepalestinebf @dreamdearg
Bhí an t-ádh orm agallamh a chur ar an Dr Abigail Walsh, atá i mbun taighde ar an Phróiseáil Nadúrtha Teanga (NLP*), faoin Intleacht Shaorga (AI*) fá choinne Seachtain na hEolaíochta 2023. Téama na bliana seo le linn Seachtain na hEolaíochta ná an duine daonna, agus chuige sin, bhí mé ag iarraidh a fhiosrú: cén tionchar a bhéas ag an Intleacht Shaorga ar eispéireas an duine daonna amach anseo?
*Muna dtuigeann tú na téarmaí seo, ná bí buartha! Níor thuig mise ach oiread - pléann muid sin ar fad agus i bhfad níos mó san agallamh.
Lean @scienceireland le níos mó eolais a fháil faoi Sheachtain na hEolaíochta nó gabh chuig scienceweek.ie
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.
An tábhacht a bhaineann le suim gníomhach a chur i suimeanna do phairtnéir, agus aird a thabhairt ar na rudaí beaga.
Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh lán-Ghaeilge.
Mo chuid smaointe ar thréimhse aistrithe saoil agus plean féinchúram le dul i ngleic leo.
Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh lán-Ghaeilge.
Le tacaíocht ó Gael Linn
Comhrá GALÁNTA le Moya Doogan, atá ar dhuine de cheannródaithe móra an fhaisin inbhuanaithe, go háirithe i saol na Gaeilge. Labhraíonn muid faoina taithí teilifíse, na contúirtí a bhaineann le hathrú aeráide, a himeachtaí "Switch", agus impleachtaí an fhaisin ghasta - agus moltaí deasa le bheith níos inbhuanaithe! Is réalt í Moya, thaitin an comhrá liom an oiread sin agus tá súil agam go mbainfidh sibhse!
Lean @environmentaleadai le níos mó eolais a fháil faoin fhaisean inbhuanaithe agus a cuid imeachtaí Switch!
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.
Bhí mé ar bís deis a fháil labhairt le cara liom Seán Ó Dubhchon: scríbhneoir, file, craoltóir, múinteoir agus go leor leor eile. Labhair muid faoin tábhacht a bhaineann le scéaltaí, sna cláracha a dhéanann sé, san fheachtasaíocht, agus roinneann Seán a scéal cumhachtach féin.
*Rabhadh ábhair: tá caint ar neamhoird itheacháin agus cúrsaí meabhairshláinte ó thart fá 35 bhomaite istigh san agallamh seo*
Lean @seantodubhchon le níos mó eolais a fháil faoina chuid cláracha iontacha!
Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.
Le tacaíocht ó Gael Linn
Tá mé ag iarraidh Michael Gerard a chur faoi agallamh ón bhomaite gur chinn mé go gcuirfinn tús leis an phodchraoladh seo. Bhuail mé leis agus mé ar chleachtadh teagaisc lena rang bunscoile aus chuaigh an dearcadh agus an díograis a bhí aige go mór i bhfeidhm orm. Ó shin, tá Michael Gerard éirithe as an teagasc agus labhraím leis agus é ar tí tus a chur le ré nua ina shaol: MGD Coaching. Is coitseáil saoil agus feidhmíochta (life & performance coaching) atá i gceist agus beidh sé á seoladh ar an seachtain seo chugainn. Pléann muid neart rudaí eile fosta: na leabhráin spóirt atá scríofa aige atá anois in úsáid ar fud na cruinne, an leabhar a d'fhoilsigh sé bunaithe ar na cluichí CLG do pháistí, an tábhacht a bhaineann le pobal agus caidrimh, agus conas na caidrimh is tábhachtaí i do shaol a chothú. Pléisiúr amach is amach a bhí sa chomhrá seo agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. Uppa good guys!
Lean @mgdcoaching le níos mó eolais a fháil agus más suim leat coitseáil a fháil ó Michael Gerard!
Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.
Le tacaíocht ó Gael Linn
Ceann pearsanta agus measartha mothúchánach, agus ceann atá ar intinn agam le tamall! An tábhacht a bhaineann le clabhsúr i dtréimhse áirithe, mo thaithí féin leis & cén dóigh lena bhaint amach i do shaol féin. Deireadh scoile nó ollscoile, fágáil phoist, bogadh tíre nó eile - tá clabhsúr mar chuid dó ar fad.
Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge. Le tacaíocht ó Gael Linn
Is craoltóir raidió agus gníomhaí pobail í Lisa a oibríonn le ShoutOut, comhlacht a chuireann ceardlanna oideachais ar fáil faoin phobal LADTA+, agus le Equality for Children, a oibríonn ar son cearta páistí i dteaghlaigh le tuismitheoirí LADTA+. Le linn mí an Bhróid, is tábhachtach é na cúrsaí seo a phlé ach tá sé tábhachtach i rith na bliana chomh maith. Phléigh muid an eite fíor-dheis (far-right), cearta LADTA agus mná, an clár atá aici ar Raidió na Life, Fada is Fairsing, agus neart eile leis. D'fhoghlaim mé cuid mhór ón bhean ilghnéitheach seo atá ábalta coincheapa a mhíniú ar bhealach intuigthe agus inrochtana. -Kathryn
Lean Lisa ar Twitter @LisaNicAnB
Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.
Le tacaíocht ó Gael Linn
Bhí lúcháir orm san eagrán seo agallamh a chur ar Chian Ó Gríofa aka Gaylgeoirí, faoin phobal LADTA+, an t-eispéireas de theacht amach, faoin CLG, faoina phróiseas cruthaitheach, faoi fhuatheoirí, faoi fhéiníomhá coirp agus neart eile. Thaitin an comhrá seo liom an oiread sin, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. -Kathryn
Lean Cian ar Instagram, Tiktok agus Twitter @gaylgeoiri