Home
Categories
EXPLORE
True Crime
Comedy
Society & Culture
Business
Sports
TV & Film
Health & Fitness
About Us
Contact Us
Copyright
© 2024 PodJoint
00:00 / 00:00
Sign in

or

Don't have an account?
Sign up
Forgot password
https://is1-ssl.mzstatic.com/image/thumb/Podcasts211/v4/09/7c/92/097c92b5-970d-07ca-9129-cf59470829f7/mza_17511587335688060147.jpg/600x600bb.jpg
Nuacht Mhall
Conradh na Gaeilge i Londain
311 episodes
4 days ago
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Show more...
Language Learning
Education
RSS
All content for Nuacht Mhall is the property of Conradh na Gaeilge i Londain and is served directly from their servers with no modification, redirects, or rehosting. The podcast is not affiliated with or endorsed by Podjoint in any way.
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Show more...
Language Learning
Education
Episodes (20/311)
Nuacht Mhall
8 Samhain 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, agus Stáisiún Chrosaire an Rí i Londain, oíche Dé Sathairn seo caite. Cuireadh na póilíní ar a n-airdeall faoin éigeandáil ar bord na traenach ag 7.40in an oíche sin. Ba é Stephen Crean, ar as Baile Átha Cliath í a mháthair agus ar as Ros Comáin é a athair, duine de na híospartaigh, in éineacht le Samir Zitouni, a rith i dtreo an ionsaitheora agus a thug aghaidh ar an chontúirt. Dúirt marthanóir an ionsaithe go raibh sí fíorbhuíoch de Crean as a chuid crógachta.

Bhí an t-iománaí mór le rá DJ Carey os comhair na cúirte mar go ndearna sé calaois ar dhaoine nuair a lig sé air go raibh ailse air agus go raibh airgead de dhíth air ar son cóir leighis. Gearradh téarma príosúnachta 5 bliana go leith ar an iar-iomanaí clúiteach, a bhain cúig Chraobh na hÉireann ag imirt do Contae Chill Chainnigh. Ghlac sé beagnach €400,000 ó 22 duine agus níl ach €44,000 íoctha ar ais go dtí seo. Dúirt an Breitheamh Nolan go raibh sé “thar a bheith doiligh céard a bhí ina chúis leis” agus gur “tháinig Carey i dtír ar dhea-nádúr na ndaoine.” Chuala an chúirt nach raibh dochúlacht ann go bhfaighidh a chuid íospartach a n-airgead ar ais, ach gur inis do “leithscéal croíuíl, cneasta” a thabhairt d’achan íospartach. 

Dúirt ‘máthair bhaistí’ na hintleachta saorga go bhfuil sí “bródúil as a bheith difriúil”, agus í an t-aon bhean amháin as seachtar ceannródaithe na hintleachta shaorga ar bronnadh duais inealltóireachta orthu Dé Céadaoin. Bhronn Rí na Ríochta Aontaithe Duais Inealltóireachta na Banríona Éilis ar an Ollamh Li agus seisear eile léi le linn searmanais ag Pálás Naomh Séamais. Is iad na daoine eile a fuair an onóir in éineacht léi ná an tOllamh Yoshua Begio, an Dochtúir Billy Dally, an Dochtúir Geoffrey Hinton, an tOllamh John Hopfield, bunadóir Nvidia Jensen Huang, agus príomheolaí na hintleachta saorga um Meta an Dochtúir Yann LeCun. Tá siad ag fáil aitheantas as a gcuid ról i bhfórbairt nua-mheaisínfhoglama, réimse atá mar bhonn faoin dul chun cinn sciobtha in intleacht shaorga. Dúirt an tOllamh Li, “Ar son na mban óg a bhfuil mé ag obair leofa agus glúinte na gcáilíní atá le teacht, ní miste liom glacadh leis an teideal seo”. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

saoránach - citizen

éigeandáil - emergency

calaois - fraud

ailse - cancer

máthair bhaistí - godmother

intleacht shaorga - artificial intelligence

Show more...
1 week ago
6 minutes 4 seconds

Nuacht Mhall
1 Samhain 2025 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh tithe, botháin na mbocht go háirithe, agus ospidéil, agus tá níos mó ná leathmhilliún daoine gan cumhacht sa cheantar anois. Chuaigh an Spéirling ar aghaidh go Cúba agus Háítí ach ar an ndea-uair, tá neart na gaoithe laghdaithe anois. Fuair ceathrar bás in Iamáice le linn na stoirme agus tuairiscítear go bhfuil thart ar fiche duine marbh in Háítí mar gheall ar na tuilte.

Maraíodh timpeall 100 duine agus gortaíodh 200 duine de bharr ionsaithe Iosrael in Gaza an tseachtain seo. Rinne fórsaí míleata Iosrael ionsaithe buamála ar Gaza Dé Máirt, in ainneoin an tsosa comhraic gur cheart a bheith i bhfeidhm sa cheantar le trí
seachtaine anuas. De réir Rialtas Iosrael, sháraigh Hamas an sos comhraic nuair a maraíodh saighdiúir Iosraelach in ionsaí. D’éirigh le hUachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump an plean síochána a chur le chéile cúpla seachtain ó shin nuair a chuir sé brú ar Netanyahu glacadh leis an bplean. Ach tá sé ráite aige anois go raibh an ceart ag na hIosraelaigh an ruathar aeir a dhéanamh an tseachtain seo agus nach raibh an sos comhraic i mbaol dá bharr. Is léir, áfach, nach bhfuil ach síocháin leochaileach i bhfeidhm sa Mheánoirthear go fóill.

Tá Oireachtas na Samhna, an ócáid is mó i gcultúr na nGael, fé lán seoil i mBéal Feirste anois. Tá na himeachtaí siamsaíochta ar siúl ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh agus tarlóidh níos mó ná 200 ócáid éagsúla le linn na seachtaine, lena n-áirítear
comórtais taibhealaíona, cheoil agus liteartha. Tá go leor polaiteoirí i láthair: tá an seanpholaiteoir Éamon Ó Cuív ina Uachtarán ar an Oireachtais, d’oscail Aire na Gaeltachta Dara Calleary an t-imeacht go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhí laoch nua na huaire, Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly, i láthair freisin. Fuair Connolly moladh ón leas a bhain sí as an nGaeilge le linn an toghcháin agus bhí na céadta ag iarraidh grianghraf a fháil léi. Tá sé oiriúnach go bhfuil an tOireachtas ag
tarlú i mBéal Feirste toisc gurb as an gcathair é an Chéad Choiminisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost Dé Máirt. Is féidir an clár comórtais a fheiscint ar líne ar an suíomh antoireachtas.ie.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

spéirling - hurricane

Muir Chairib - the Carribean Sea

ionsaithe buamála - bombing attacks

síocháin leochaileach - fragile peace

taibhealaíona - performing arts

Uachtarán tofa - President-elect

Show more...
2 weeks ago
7 minutes 56 seconds

Nuacht Mhall
25 Deireadh Fómhair 2025 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte ealaíne ar na gardaí. Gortaíodh triúr gardaí, agus tugadh beirt acu chuig an ospidéal. Bhí breis is trí chéad garda ar dualgas, lena n-áirítear aonad ord poiblí, marcaigh, agus tacaíocht ón aer. Bhí an gunna uisce ar fáil ach níor úsáideadh é. Scaoileadh na cúigear ógánach faoi Chlár Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, agus scaoileadh beirt fhear eile gan chúiseamh. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh na hionsaithe “gránna agus brúidiúil”, agus go mbeidh freagra láidir ón gcóras ceartais. Thosaigh na hagóidí Dé Luain, tar éis d’fhear teacht os comhair cúirte maidir le líomhain faoi ionsaí gnéis. Tá imscrúdú leanúnach ar siúl ag na gardaí le daoine eile a aithint.

Tharla eachtra stairiúil sa Séipéal Sistíneach an tseachtain seo, nuair a rinne Rí Séarlas III agus an Pápa Leo XIV urnaí le chéile – an chéad uair ó aimsir Anraí VIII a ndeachaigh monarc Briotanach agus Pápa Caitliceach i gcomh-urnú. Bhí Banríon Camilla i láthair, ina suí taobh leis an Rí gar don altóir. Dúirt cléir Anglacánach gur “leigheas ar an stair” a bhí sa nóiméad seo, agus gur comhartha é ar an chaidreamh níos dlúithe idir an dá eaglais. Bhronn an Pápa teideal “Bráthair Ríoga” ar an Rí ag Basilica Naomh Pól, agus mar mhalairt thug an Rí onóracha Briotanacha don Phápa, lena n-áirítear Cros Mór Ord Bath. Tharla an cruinniú seo le linn Bhliain Iubhaile na gCaitliceach, agus feictear é mar chéim mhór eile i dtreo cairdeas idir an Eaglais Chaitliceach agus an Comaoineach Anglacánach.

Tá deireadh le tréimhse Mhichíl D. Ó hUiginn mar Uachtarán na hÉireann. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh ceithre bliana déag agus tá an-mheas ag an phobal air fós. Bhí beirt iarrthóirí ag seasamh sa toghchán uachtaránachta, a tharla inné: Catherine Connolly, polaiteoir neamhspleách a bhfuil tacaíocht aici ó pháirtithe ar an eite chlé, agus Heather Humphreys, iarAire Rialtais a bhí ag rith don pháirtí Fine Gael. D'éirigh Jim Gavin as an rás tar éis scannal faoi chíos neamhíoctha.  De réir na bpobalbhreitheanna, is í Catherine Connolly a rachaidh go hÁras an Uachtaráin, ach tá súil le torthaí an toghcháin anocht. Beidh téarma seacht mbliana ag an bhuaiteoir. Is í an tUachtarán an ceann stáit agus cosnaíonn sí Bunreacht na hÉireann. Bíonn an tUachtarán ag labhairt leis an náisiún agus ag glacadh páirt in imeachtaí móra náisiúnta. 

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Clár Athstiúrtha Óige - Youth Diversion Programme

marcaigh - horse-riders

urnaí - prayer

an Comaoineach Anglacánach - the Anglican Communion

neamhspleách - independent

Bunreacht na hÉireann - the Constitution of Ireland

Show more...
3 weeks ago
6 minutes 36 seconds

Nuacht Mhall
18 Deireadh Fómhair 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This Week de chuid RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh seo caite. Sheol Murphy litir dlíodóra chuig Humphreys mar gheall ar ráitis a rinne sí a bhain le ról Murphy in agóid i gcoinne táillí uisce i Ráth Miontáin, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2014. Ba é Murphy duine de sheisear fear a cúisíodh as príosúnacht neamhdhleathach a dhéanamh ar an tánaiste Joan Burton agus a cúntóir Karen O’Connell ina ngluaisteán ar an 15ú de mhí na Samhna 2014. Fuair giúiré i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath an seisear neamhchiontach i ngach cúis in 2017. Dúirt Murphy nach raibh aon trácht le déanamh aige ar thionscnamh na n-imeachtaí clúmhillte faoi láthair.

Tá Catherine Connolly go mór chun cinn sa rás don Áras, de réir na pobalbhreithe is déanaí. Dúirt 38% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách agus gan ach 20% ag tacú lena céilí comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael. 5% a thug le fios go dtabharfaidís vóta céadrogha do Jim Gavin, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a d’éirigh as an rás ach a bhfuil a ainm go fóill ar an pháipéar ballóide. Dá seasfadh na figiúirí sin lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an chéad chomhaireamh. Agus gan ach seachtain fágtha go dtí go rachaidh daoine chuig na botháin vótála, deir 18% nach bhfuil a fhios acu cé léi a dtacóidh siad agus deir 6% eile go bhfuil rún acu a vóta a mhilleadh. Dúirt 12% nach bhfuil sé i gceist acu vóta a chaitheamh. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” an tréith ba thábhachtaí. Dúirt 39% gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.

Tá sé i gceist ag Leabharlann na Breataine cárta léitheoireachta an scríbhneora Éireannaigh nach maireann Oscar Wilde a atheisiúint, 130 bliain i ndiaidh don bhunchóip a bheith curtha ar ceal mar gheall ar a chiontú as “gníomh ró-mhígheanasach”. D'eisiaigh Leabharlann na Breataine an t-údar cáiliúil óna seomra léitheoireachta sa bhliain 1895 i ndiaidh dó a bheith cúisithe as caidrimh homaighnéasacha a bheith aige, cion coiriúil ag an am. Tabharfar an pas fisiciúil do gharmhac Wilde, Merlin Holland, Déardaoin ag ócáid speisialta sa Leabharlann ag imeacht a cheiliúrfaidh seoladh a leabhair dar teideal After Oscar, a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht an scríbhneora i ndiaidh a bháis. Dúirt Holland: “Bhí Oscar i bpríosún Pentonville ar feadh trí seachtaine nuair a cuireadh a thicéad chuig Seomra Léitheoireachta Mhúsaem na Breataine ar ceal, mar sin ní bheadh a fhios aige faoi, rud a bhí go maith is dócha.”

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

clúmhilleadh - defamation

neamhchiontach i ngach cúis - innocent of all charges

céilí comhraic - competitor

botháin vótála - voting booths

gníomh ró-mhígheanasach - gross indecency

garmhac - grandson

Show more...
4 weeks ago
5 minutes 41 seconds

Nuacht Mhall
11 Deireadh Fómhair 2025 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín-Ní Loingsigh.

Tá dóchas ann go mbeidh sos cogaidh buan in Gaza, tar éis vótáil ag an rialtas Iosraelach Dé hAoine chun beart sos cogaidh le Hamas a dhaingniú. Léiríonn an comhaontú céim a haon as plean fiche céim ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh a chur le cogadh Iosrael ar Gaza, a mharaigh breis is 67,000 Palaistíneach go dtí an pointe seo. Tá sonraí an bhirt iomláin fós doiléir agus deirtear go bhfuil easaontú mór idir Iosrael agus Hamas maidir leis an bplean tar éis dheireadh an chogaidh. Is iad eochairphointí céadchéim an bhirt ná tarraingt siar feadhna Iosrael go “pointe aontaithe”, cead isteach do 600 trucail cúnaimh gach lá, agus saoradh na ngiall agus na bpriosúnach ón dá thaobh. Thosaigh feadhna Iosrael ag tarraingt siar maidin Dé hAoine ach lean ionsaithe ar shibhialtaigh i rith na maidine, rud a chruthaigh éiginnteacht faoin mbeart.

Tharraing Jim Gavin amach as an bhfeachtas uachtaránachta an deireadh seachtaine seo caite, toradh náireach d’Fhianna Fáil, agus anois tá coimhlint laistigh den pháirtí. Fógraíodh an nuacht tar éis conspóid a tháinig chun cinn sna laethanta roimhe, maidir le iarthionónta Gavin. D’íoc an tionónta €3,300 sa bhreis chuige, mar thoradh ar thimpiste bainc, 16 bliain ó shin, agus níor thug Gavin aisíocaíocht dó. Tar éis díospóireacht uachtaránachta inar ceistíodh Gavin faoin gconspóid, b’é tuairim sciar mór den phobal nach raibh sé ullamh don díospóireacht ná do ról an Uachtaráin fiú. Anois, agus beirt fágtha sa rás, tá an teannas ag ardú. Léiríonn torthaí na bpobalbhreitheanna is déanaí gurb í Catherine Connolly rogha na coitiantachta agus bearna mhór idir í agus Heather Humphreys, ach níl figiúirí cruinne ar fáil ó d’éirigh Jim Gavin as. Tarlóidh an toghchán ar an 24 de mhí Dheireadh Fómhair.

In Éirinn, foilsíodh Búiséad 2026 le linn na seachtaine. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil an plean nua ar son fheabhsú an gheilleagair ach tá cáineadh ón bhfreasúra, agus ó chuid mhór den phobal, a deir nach dtuigeann an rialtas cad atá ar siúl sa tír, gan aon chabhair don ghnáthdhuine sa phlean. Tá an laghdú cánach is mó ar fáil le haghaidh forbróirí, gan athrú ar bith ar an gcáin ioncaim. Gearradh an CBL don earnáil fáilteachais ó 13.5% go dtí 9%. Is bua é seo le haghaidh roinnt tithe tabhairne agus bialanna neamhspleácha. ach deirtear gurb iad na comhlachtaí móra na fíorbhuaiteoirí. Tá árdú 65c le teacht ar an íosphá, roinnt ardaithe ar íocaíochtaí leasa sóisialta, agus leanfaidh an creidmheas cánach cíosa, ach ní go leor le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála. Tá an Bunioncam do na hEalaíona le bheith buan, tar éis triail ráthúil. Deir an Rialtas go bhfuil €36 milliún sa bhreis ag dul chuig an nGaeltacht agus chuig an nGaeilge ach deir an freasúra go bhfuil bréag i gceist, agus go bhfuil siad ag athfhógairt airgead a bhí leithdháilte cheana féin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sos cogaidh buan - permanent ceasefire

conspóid - controversy

rogha na coitiantachta - the favourite (to win)

CBL don earnáil fáilteachais - VAT for the hospitality sector

costas maireachtála - cost of living

íosphá - minimim wage

Show more...
1 month ago
8 minutes 16 seconds

Nuacht Mhall
4 Deireadh Fómhair 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 ciliméadar ón gcladach in uiscí idirnáisiúnta. Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh, chomh maith leis an bhfuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Chris Andrews Tharla agóidí ar fud an domhain nuair a cuireadh stop leis an misean agus cáineadh an eachtra go hidirnáisiúnta. Meastar go dtógfar na daoine a gabhadh go hIosrael agus go ndíbreofar iad. De réir tuairiscí oifigiúla, tá breis is 65,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael go dtí seo, ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.

I gcathair Dhoire, tá sé ráite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille go bhfuil díomá mhór orthu gur gá dóibh díospóireacht phoiblí faoin toghchán uachtaránachta a chur ar ceal. Bhí cuireadh curtha acu ar na hiarrthóirí don uachtaránacht chuig ócáid an tseachtain seo chugainn, ach ní bhfuair siad ach freagra amháin, ó Catherine Connolly, an t-aon chainteoir líofa Gaeilge sa rás. Cé nach raibh Connolly in ann freastal, chuaigh sí i dteagmháil leis an lucht eagraithe chun leithscéal a ghabháil. Níos suntasaí, dar le urlabhraí Chló Cholmcille, níl freagra ar bith faighte go fóill ó Heather Humphreys ná ó Jim Gavin. Dúirt Cló Cholmcille gur deis iontach a bhí ann chun todhchaí an oileáin ar fad a phlé, ach b'fhéidir nach raibh mórán measa orthu de bhrí nach féidir leo vótáil sa toghchán seo. Chuir Nuacht TG4 ceist ar oifig phreasa Heather Humphreys agus Jim Gavin cén fáth nár fhreagair siad an cuireadh, ach ní bhfuair na craoltóirí freagra ach an oiread.

Fógraíodh maidin inné go bhfuil an scríbhneoir, craoltóir agus déantóir clár faisnéise, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé. Thug Manchán le fios in agallamh a rinne sé ar Raidió RTÉ an mhí seo caite go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Sa mbliain 1970 a tháinig an Maganach ar an saol agus tógadh i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath é. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sular bhain sé aitheantas amach mar dhuine de cheannródaithe shéanra an chláir taistil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach labhair agus scríobh sé go machnamhach le linn a ghairme faoin mhiotaseolaíocht, faoin stair agus faoi chúrsaí teangeolaíochta na hÉireann, go háirithe i leabhair ar nós Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish landscape. Bhí sé le feiceáil le déanaí ar TG4 leis an tsraith Ag Triall ar an Tobar, atá fós ar fáil ar sheinnteoir TG4. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus triúr eile dá theaghlach.

*




cabhlachán - flotilla

soláthairtí fóirithinte - aid provisions

fuirseoir - comedian

urlabhraí - spokesperson

déantóir clár faisnéise - documentary maker


Show more...
1 month ago
5 minutes 53 seconds

Nuacht Mhall
27 Meán Fómhair 2025 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Dé hAoine i Londain, caitheadh amach an cás i gcoinne Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa ceoil Kneecap. Cuireadh ina leith gur thug sé tacaíocht d’eagraíocht thoirmiscthe, nuair a tháinig físeán de cheolchoirm a rinne an grúpa i Londain i mí na Samhna 2024 chun aird na bpóilíní, tar éis dóibh a ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne a chur in iúl ag an bhféile Coachella sna Stáit Aontaithe i mí Aibreáin. Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Paul Goldspring go raibh an cúiseamh neamhdhleathach, mar níor thug an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a gcead dó dul ar aghaidh laistigh de sé mhí, agus bhí an cead a thug siad lá thar am. Dúirt Ó hAnnaidh nach raibh an cás faoi sceimhlitheoireacht, acht faoi Gaza. Bhí Blinne Ní Ghrálaigh KC, abhcóide Chonradh na Gaeilge i Londain i gcás leacht cuimhneacháin Margaret Keane, ina fhoireann cosanta.

D’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt anailís costais is tairbhe ar an mBunioncam do na hEalaíona, a shocraigh gur as gach euro a caitheadh, cruthaíodh €1.39 de thairbhí sóisialta agus eacnamaíochta. Thosaigh an scéim píolóta in 2022, agus ó shin tá 2000 ealaíontóirí ag fáil €325 in
aghaidh an tseachtain, chun deis a thabhairt dóibh díriú isteach ar a n-obair chruthaitheach. Tá an scéim chun críochnú i mí Feabhra 2026, acht tá an rialtas ag obair ar cheann nua, a bheidh mar chuid de Bhuiséad 2026.

Foilsíodh staidéar faoi bhlaosc de Homo longi, an speiceas de daoine ársa ar a thugtar na “Deiniseóbhaigh”, san irisleabhar “Science” an tseachtain seo. D’aimsíodh an blaosc in Yunxian sa tSín, agus de réir na hanailíse, tá sé thart ar mhilliún bliain d’aois. Tá an iontaise brúite go dona, acht bhí na heolaithe in ann é a scannáil, an dífhoirmiú a bhaint de go digiteach, agus priontáil thríthoiseach a dhéanamh de cheann ceartaithe, a chruthaíonn gur Deiniseóbhach a bhí i gceist. Tá an fhionnachtain tábhachtach, má tá sé dátaithe i gceart, mar tá an blaosc i bhfad níos sine ná gach iontaise eile de chuid na nDeiniseóbhach a aimsíodh cheana; agus léiríonn sé an fhéidearthacht go bhfuil ár speiceas fhéin, Homo sapiens, i bhfad níos sine ná a ceapadh cheana freisin. Agus tá oidhreacht na nDeiniseóbhach inár measc go fóill; mar atá cúpla faoin gcéad de DNA Néandartálach i ngach duine ar domhan seachas na hAfraicigh fho-Shaháracha, tá cúpla faoin gcéad de DNA Deiniseóbhach fós i ndaoine éagsúla in oirdheisceart na hÁise agus ar oileáin an Aigéin Chiúin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

eagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisation

Príomh-Bhreitheamh - Chief Justice

Ard-Aighne - Attorney-General

Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí - Director of Public Prosecutions

anailís costais is tairbhe - cost-benefit analysis

Bunioncam do na hEalaíona - Basic Income for the Arts

blaosc - skull

Deiniseóbhach - Denisovan

Afraicigh fho-Shaháracha - sub-Saharan Africans

Show more...
1 month ago
7 minutes 54 seconds

Nuacht Mhall
20 Meán Fómhair 2025 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. 

Tá go leor daoine sa tionscal scannánaíochta agus níos faide i gcéin ag tabhairt ómós do Robert Redford, a fuair bás Dé Máirt. Tháinig an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta chun cinn i róil scannán lena n-áirítear The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973) Butch Cassidy and the Sundance Kid agus The Way We Were. Bhunaigh sé féile scannán Sundance freisin, agus chuidigh sé le scannánóirí neamhspleácha Meiriceánacha a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear Chloé Zhao, Quentin Tarantino, agus Richard Linklater. Chomh maith lena chuid oibre scannánaíochta, bhí cáil ar Redford as a dhíograis don ghníomhaíocht chomhshaoil.

Rinne Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, a dhara cuairt stáit ar an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo. I gCaisleán Windsor, tionóladh ceann de na searmanais mhíleata is mó i gcuimhne na ndaoine do cheannaire eachtrach ar cuairt. Lasmuigh den chaisleán, áfach, mháirseáil na mílte agóideoir chun cur i gcoinne na cuairte. Bhí comharthaí ag roinnt agóideoirí a raibh manaí scríofa orthu, lena n-áirítear “ní hea don chiníochas”, “ní hea do Trump” agus “stop ag armáil Iosrael”. Ag preasagallamh leis an bPríomh-Aire, Keir Starmer, dúirt Trump nach raibh sé i bhfabhar pleananna na Ríochta Aontaithe stát Palaistíneach a aithint agus mhol sé úsáid fórsa míleata chun cosc a chur ar inimircigh teacht isteach sa tír.

Tá sampla neamhchoitianta de shéadchomhartha deasghnátha ón gCré-Umhaois aimsithe ar Oileán Acla i gContae Mhaigh Eo. Bhí an t-ailíniú cloiche i bhfolach ag crainn ársa a leagadh síos le linn Stoirm Éowyn níos luaithe i mbliana. Rinneadh an fhionnachtain le linn turas seandálaíochta le mic léinn Mheiriceánacha ar cuairt ó Ollscoil Notre Dame in Indiana. Bhí na mic léinn ar thréimhse thar lear in Ollscoil na Gaillimhe agus i Mainistir Choill Mhór. Tá raidhse séadchomharthaí agus dúnta réamhstairiúla ar Oileán Acla ach tá an suíomh Cré-Umhaoise seo atá ag breathnú amach ar Chuan Mó ar cheann de na cinn is suntasaí.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

gníomhaíocht chomhshaoil - environmental activism

preasagallamh - press conference

séadchomhartha deasghnátha - ritual monument

an Chré-Umhaois - the Bronze Age

fionnachtain - discovery

dúnta réamhstairiúla - prehistoric forts

Show more...
1 month ago
7 minutes 36 seconds

Nuacht Mhall
12 Meán Fómhair 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.

Tá roinnt daoine mór le rá ceangailte le Jeffrey Epstein an tseachtain seo tar éis don Choiste Maoirseachta Tí íomhánna a fháil ó dhlíodóirí Epstein de leabhar gearrthóg a bronnadh ar Epstein ar a chaogadú breithlá. Tá grianghraif, sceitsí agus litreacha ó chairde sa litir. Ba chuid de seo litir a scríobh Donald Trump chuig Epstein inar ghuigh sé breithlá sona dó. Tá an nóta breithlae i líníocht de chorp mná noichte. Shéan Donald Trump é roimhe seo, agus leanann sé ar aghaidh á shéanadh an tseachtain seo. Tá Bill Clinton liostaithe i rannóg na "gcairde" den leabhar agus deirtear gur thagair ambasadóir reatha na Ríochta Aontaithe chuig na Stáit Aontaithe, Peter Mandelson, d'Epstein mar "mo chara is fearr" ina litir féin. San iomlán, ainmnítear thart ar chéad caoga duine sa leabhar, lena n-áirítear pearsana poiblí eile ón saol acadúil agus ón dlí.

D’éirigh Angela Rayner as a post mar leas-phríomhaire na Ríochta Aontaithe Dé hAoine seo caite tar éis scannal a bhain lena híocaíocht dleachta stampa. Tar éis di éirí as, lena n-áirítear a héirí as a post mar Aire Tithíochta, d’fhógair an príomh-aire atheagar na comh-aireachta. Mar thoradh air sin, tá trí cinn de na ceithre phríomhoifig stáit i seilbh mná den chéad uair. Beidh ochtó ainmniúchán ag teastáil ó iarrthóirí don phost leas-phríomhaire faoin Déardaoin, agus tá tuairimíocht ann faoi roinnt daoine aonair lena n-áirítear Emily Thornberry agus Bridget Phillipson, an Rúnaí Oideachais reatha. Idir an dá linn, tá spéis cláraithe ag breis is seacht gcéad caoga míle duine i bpáirtí nua a sheol Jeremy Corbyn agus Zara Sultana, Your Party.

Tá léirmheasanna den scoth faighte ag séasúr Éireannach den chlár teilifíse réaltachta The Traitors tar éis dó dul isteach sa dara seachtain den tsraith. Is í Siobhán McSweeney, a bhain clú agus cáil amach mar an Deirfiúr Michael sa chlár grinn Derry Girls, a chuireann an seó i láthair agus leanann sé grúpa iomaitheoirí ar a dtugtar "an lucht dílis" agus iad ag iarraidh a dhéanamh amach cé hiad na "fealltóirí". Tá ball den Gharda Síochána ina fhealltóir ar an gclár, agus tá caidreamh rúnda athair-mac ann freisin. Ós rud é go bhfuil stíl faoi leith ag an saincheadúnas dá eipeasóidí, déantar an seó a scannánú i gCaisleán Shláine agus timpeall air.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

leabhar gearrthóg - scrapbook

sceitsí - sketches

leas-phríomhaire - deputy prime minister

atheagar na comh-aireachta - cabinet reshuffle

léirmheasanna - reviews

an lucht dílis - the faithful

fealltóirí - traitors

Show more...
2 months ago
7 minutes 56 seconds

Nuacht Mhall
6 Meán Fómhair 2025 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Tharla drochthimpiste ar an iarnród cáblach i Liospóin Dé Céadaoin. Maraíodh seisear déag agus gortaíodh duine is fiche eile ar an Elevador da Glória i lár na cathrach, a iompraíonn turasóirí agus muintir na háite idir cearnóg lárnach, Praça dos Restauradores, agus Bairro Alto, ceantar eile a bhfuil siamsaíocht oíche ann. Bhí daoine ó thíortha éagsúla i measc na n-othar gortaithe, lena n-áirítear an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Eilvéis, Ceanada, an Chóiré Theas, Maracó agus Rinn Verde. Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach bhfuil aon saoránach Éireannach i measc na dtaismeach. Tharla an timpiste mar gur bhris an cábla agus gur sciorr an carr den rian. D’fhógair an rialtas sa Phortaingéil Lá Náisiúnta Dobróin agus tá fiosrúchán ar siúl.

Tá Conor McGregor tar éis físeán a phostáil lasmuigh d'Fhoirgnimh an Rialtais, ag impí ar dhaoine dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí contae chun tacú leis mar iarrthóir uachtaránachta. Chun a bheith ar an mbosca ballóide, caithfidh sé ceithre údarás áitiúla nó 20 ball den Oireachtas a fháil lena thaobh. Osclóidh fuinneog na n-ainmniúchán amárach agus caithfear iad a chur isteach roimh an cheathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. I bhfíseán dhá nóiméad go leith, luaigh sé Forógra na Saoirse agus rinne sé comhartha na croise ag an deireadh. I mí na Samhna anuraidh, d’aimsigh giúiré i dtriail shibhialta go ndearna McGregor ionsaí gnéis ar Nikita Hand in 2018, agus tugadh damáistí beagnach €250,000 di. Chaill sé a achomharc sa chás i mí Iúil i mbliana. 

Tá sé ráite ag Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé comhaontuithe trádála ar ceal má deir an Chúirt Uachtarach go raibh na taraifí a thug sé isteach neamhdhleathach. Rialaigh cúirt achomhairc le déanaí nach raibh údarás aige na taraifí a ghearradh gan cead na Comhdhála. Deir Trump go bhfuil muinín aige go rialóidh an Chúirt Uachtarach ina fhabhar, ach d’admhaigh sé go mbeadh caillteanas mór ann dá gcaillfeadh sé. Mhaígh sé freisin go raibh an tAontas Eorpach ag íoc “beagnach trilliún dollar” leis na Stáit Aontaithe, cé gur i ndáiríre is iad lucht iompórtála Meiriceánach a íocann na taraifí sin. Rinne an Seanadóir Mitch McConnell comparáid idir polasaithe Trump maidir leis an gheilleagar agus gnóthaí eachtracha agus polasaithe na naoi déag tríochaidí, agus é ag rá gurb é seo "an tréimhse is contúirtí ó roimh an Dara Cogadh Domhanda".

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

iarnród cáblach - funicular

taismeach - casualty

bosca ballóide - ballot box

comhartha na croise - the sign of the cross

comhaontuithe trádála - trade agreements

gnóthaí eachtracha - foreign affairs

Show more...
2 months ago
12 minutes

Nuacht Mhall
30 Lúnasa 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríochadú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá ambasadóir na hÉireann i ndiaidh dul i dteagmháil leis na húdaráis i mBeirlín faoi ionsaí ar agóideoir Éireannach i bpríomhchathair na Gearmáine Déardaoin. Rinneadh físeáin agus pictiúir de Kitty O'Brien go forleathan ar na meáin shóisialta agus í mbun agóide le Irish Bloc Berlin, grúpa a sheasann i gcoinne an chinedhíothaithe sa Phalaistín. Sna físeáin, tá póilíní Gearmánacha le feiceáil agus iad ag cur brú ar an lucht agóide. Léirítear gur bhuail póilín amháin dorn sa tsrón ar an bhean Éireannach aríst agus aríst eile. Fágadh í le lámh bhriste agus aghaidh lán fola. Ní hé seo an chéad choimhlint idir póilíní agus agóideoirí síochánta i mBeirlín. Cuireadh cosc ar theangacha cé is moite den Ghearmáinis agus den Bhéarla ag agóidí anuraidh, agus gabhadh fear amháin i mí Aibreáin a bhí ag labhairt Gaeilge.

Tá an truailliú i Loch nEathach níos measa ná riamh. Tá blás algach le feiceáil ar dhromchla an locha, sloda glas a dhéanann dochar do bheathra uisceach. Tá cosc ar iascaireacht le haghaidh eascann, tionscal traidisiúnta an cheantair, agus chonacthas eascanna amuigh as an uisce agus iad ag sleamhnú ar bharr an bhláis algaigh. Tarlaíonn an truailliú seo mar gheall ar an leibhéal ard fosfair agus nítrigine sa loch, a ritheann isteach ó fheirmeacha timpeall an locha. Tá grinneall agus bruacha Loch nEathach i seilbh Iarla Shaftesbury, Nicholas Ashley-Cooper, ach níl mórán déanta aigesean ná ag polaiteoirí Thuaisceart Éireann in ainneoin éilimh mhuintir na háite.

Tá an fhéile cheoil is mó in Éirinn, an Electric Picnic, ar siúl an deireadh seachtaine seo. Tá thart fá 80,000 duine ag freastal ar an fhéile sa tSráidbhaile i gContae Laoise, ina bhfuil roinnt stáitsí ceoil agus puball grinn. I measc na gceoltóirí mór le rá tá Hozier, Chappell Roan, Fatboy Slim, Kneecap agus Kings of Leon. Anuas air sin, tá níos mó Gaeilge ná riamh ag an fhéile i mbliana, lena n-áirítear dhá stáitse Gaeilge, an Puball Gaeilge agus an Chollchoill, agus láthair speisialta Gaeltachta sa láthair champála. Ar an drochuair, tháinig deireadh leis an aimsir thirim inné agus beidh lucht na féile fliuch go leor. Tá an fhéile díolta amach le tamall.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

agóideoir - protestor

blás algach - algal bloom

beathra uisceach - aquatic life

eascann - eel

puball grinn - comedy tent

an Chollchoill - the Hazelwood

Show more...
2 months ago
4 minutes 36 seconds

Nuacht Mhall
23 Lúnasa 2025 (An Clár)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 23ú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tharla cruinniú mullaigh idir Uachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin in Alasca Dé hAoine an tseachtain seo caite inar phléadar an cogadh san Úcráin agus na roghanna atá ann chun deireadh a chur leis.
Cuireadh an cairpéad dearg amach do Putin agus, i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Trump nach raibh gá le sos comhraic agus go mbeadh sé ag iarraidh comhaontú síochána a dhéanamh ina ionad san. Spreag an ráiteas san imní i measc ceannairí Eorpacha agus go háirithe san Úcráin, ar eagla go mbeadh orthu talamh sa Donbas a ghéilleadh don Rúis. Chuaigh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky agus roinnt ceannairí Eorpacha go dtí an Teach Bán Dé Luain chun an plean a phlé le Trump. Dúirt Trump go bhfuil sé ag iarraidh cruinniú mullaigh a shocrú anois idir Zelensky agus Putin ach níl aon rud beartaithe go fóill.
Tá fórsaí míleata Iosrael tar éis 60,000 saighdiúir cúltaca a ghairm chun seirbhíse agus iad ag tosnú le hionsaí nua ar Chathair Gaza in ainneoin an cháinte idirnáisiúnta. Maíonn na hIosraelaigh go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur le Hamas leis an ionsaí so ach tá eagraíochtaí daonnúla ag tabhairt rabhadh go bhfuil ar Phalaistínigh teitheadh ón gcathair agus go bhfuil sé mar sprioc ag na hIosraelaigh an chathair a bhánú. Tá forghabháil Iosrael, agus aon mhéadú sna hionsaithe, mídhleathach de réir an dlí idirnáisiúnta. Cháin Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, na forbairtí is déanaí agus d’impigh sé ar Iosrael agus Hamas teacht ar sos comhraic. Mhol sé d'Iosrael na forbairtí lonnaíochta nua sa Bhruach Thiar a stopadh chomh maith. Scoiltfeadh an lonnaíocht mhídhleathach seo an Bruach Thiar ó Iarúsailéim Thoir agus bheadh sé ana-dheacair réiteach dhá stát a fháil dá bharr. Chomh maith leis sin, dhearbhaigh eagraíocht a bhfuil tacaíocht na Náisiún Aontaithe aici go bhfuil gorta ar siúl go hoifigiúil in Gaza anois.
Tá an duais liteartha Polari curtha ar ceal tar éis conspóide leis an údar Éireannach John Boyne. Is duais í a cheiliúrann litríocht LADTA an duais Polari ach tharraing sí conspóid nuair a ainmníodh John Boyne dá leabhar Earth. Tá cáil ar Boyne mar gheall ar a leabhar The Boy in the Striped Pyjamas ach spreag sé cáineadh géar le déanaí de bharr a chuid tuairimí faoi dhaoine trasinscneacha. Scríobh Boyne alt san Irish Independent cúpla seachtain ó shin inar thug sé tacaíocht don údar achrannach J.K. Rowling agus a seasamh i gcoinne cearta trasinscneacha. Tharraing go leor údair eile amach as an bhfadliosta mar gheall ar ainmniúchán Boyne, chomh maith le beirt mholtóirí. D’fhógair Polari go gcuirfí an duais ar ceal i mbliana mar gheall ar an gconspóid agus go ndéanfaidís iarracht níos mó moltóirí trasinscneacha a chur ar an bpainéal as so amach. Chuir Boyne ráiteas amach inar sheas sé lena thuairimí agus inar mhaígh sé go bhfuair sé bulaíocht mhillteanach le linn na conspóide.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cruinniú mullaigh - summit meeting

comhaontú síochána - peace agreement

forghabháil - usurpation

lonnaíocht mhídhleathach - illegal settlement

achrannach - controversial

moltóirí - judges

Show more...
2 months ago
6 minutes 42 seconds

Nuacht Mhall
16 Lúnasa 2025 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an séú la déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

D’fhógair iarrthóir uachtaránachta Fíne Gael, Mairéad McGuinness, ar an Déardaoin go bhfuil sí ag tarraingt amach as an bhfeachtas Uachtaránach. Dúradh nach cinneadh éasca ab ea ann ach tar éis tréimhse san ospidéal go bhfuil a sláinte curtha chun tús aici. I ráiteas an pháirtí tugadh tacaíocht di agus dúradh go mbuailfidh Comhairle Feidhmiúcháin Fíne Gael le chéile go luath leis an gcéad chéim eile a phleanáil, ach níl sé soiléir cé eile a rithfidh dóibh. Tá an TD Neamhspleách Catherine Connolly ó Ghaillimh Thiar ag báiliú tacaíocht ar an eite chlé, an t-aon iarrthóir anois tar éis feachtas a lainseáil agus leis an tacaíocht atá de dhíth chun ainmniúchán a bhaint amach. Níl sé soiléir an gcuirfidh Fianna Fáil iarrthóir ar aghaidh, tá plé inmheánach fós ar siúl ag Sinn Féin agus tá roinnt ainmneacha neamhspleácha sa chomhrá ach níl aon iarrthóir láidir le feiceáil fós. Críochnóidh téarma Mhichíl D. Uí hUigínn ar an 11 Samhain tar éis 14 bliain in oifig. Is dócha go mbeidh lá an toghcháin ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Maraíodh ceathrar iriseoirí de chuid Al Jazeera in ionsaí beartaithe Iosraelach an tseachtain seo caite. Maraíodh seachtar san iomlán nuair a bhuail drón Iosraelach pobal lasmuigh d’ospidéal al-Shifa i gcathair Gaza a bhí ag tabhairt dídeán do na meáin. Maraíodh beirt chomhfhreagraithe; Anas al-Sharif agus Mohammed Qreiqeh, agus beirt cheamaradóirí; Ibrahim Zaher agus Mohammed Noufal. Bhí cáil ar Anas al-Sharif go háirithe mar ghuth láídir ó thús an chogaidh a chuir an fhírinne faoin uafás atá á dhéanamh ag Iosrael i nGaza ar stáitse domhanda. Is é an cogadh seo an cogadh is marfaí d’iriseoirí riamh, agus beagnach 270 iriseoir agus oibrí na meáin maraithe ag Iosreal ón 7 Deireadh Fomhair 2023. Sin níos mó ná gach iriseoir a maraíodh i ngach cogadh mór ón gCogadh Cathartha i Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí an lá atá inniú ann, curtha le chéile.

Bhuaigh Gaillimh Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann an bhliain seo, tar éis cluiche drámatúil in aghaidh Chorcaí. Baineadh an bua amach ag an nóiméad deireanach le pointe ó Carrie Dolan, captaen na foirne, cúpla nóiméad tar éis cúl ó Chorcaigh a chuir an dá fhoireann ar comhscór. Is bua sceitimíneach é seo do Ghaillimh - bhuaigh Corcaigh an bhliain seo caite ina gcoinne arís agus bhí “three in a row” á lorg acu i mbliana. Seo an cúigiú bua den chomórtas do Ghaillimh, an triú ceann faoi bhainistiú Cathal Murray.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

iarrthóir uachtaránachta - presidential candidate

Comhairle Feidhmiúcháin - Executive Council

comhfhreagraithe - correspondents

ceamaradóirí - camera operators

comhscór - even scores, draw

bua sceitimíneach - exciting win

Show more...
3 months ago
6 minutes 16 seconds

Nuacht Mhall
9 Lúnasa 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d’aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas di, an bhean a fuadaíodh. Bronnadh roinnt gradam ar an stiúrthóir dílleachtlainne ar son a cuid obair dhaonnúil, Gradam Dínit an Duine um Oireachtais san áireamh. D’agair an Taoiseach Micheál Martin leis an dream a d’fhuadaigh an tÉireannach í a scaoileadh saor agus dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go raibh “dianiarrachtaí leanúnacha” ar siúl lena fuascailt a bhaint amach.  
Tháinig borradh mór faoin táirgeadh plaistigh sa chéad bliain a chuaigh thart, agus cé gur táirge míorúilteach é i roinnt cásanna, is cúis tromluí é i gcás an truaillithe. In 2022, tháinig tíortha ar chomhaontú a bhí ina cheangal de réir dlí, le dramhaíl plaistigh agus ceimiceáin dhíobhálacha a bhaineann le plaisteacha ar leith a laghdú, ach tar éis dhá bhliain níl an conradh réitithe go fóill. Dé Máirt, bhuail na tíortha domhanda le chéile arís ag comhdháil na Náisiún Aontaithe in Geneva, ag cur tús le seisiún atá ag iarraidh an comhaontú a chríochnú, téacs an chomhaontú a fhormheas, agus é a chur os comhair Chomhdháil Taidhleoireachta na Lánchumhachtach sula nglacfaí leis.
Tá Fleadh Cheoil na Éireann faoi lánseol i Loch Garman don darna bhliain: níos mó ná seachtain lán de cheol, amhránaíocht agus damhsa, agus buaicphointe na bliana do na taibheoirí. Tá réimse imeachtaí Gaeilge le fáil ag an Fhleadh fosta, idir cheol beo, scéalaíocht, TG4, stair, siamsóirí sráide, agus neart eile, ó Seachtain na Gaeilge, agus tá seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt agus a chluinstin go nádúrtha sa spás cultúrtha seo. Críochnaíonn na comórtais agus na taispeántais Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa agus tá na craoltaí le feiceáil ar TG4, beo agus le sruthú. Fógraíodh anuraidh go mbeidh Fleadh Cheoil na Éireann ag tarlú i mBéal Feirste den chéad uair in 2026, agus den darna huair sa Tuaisceart.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

dílleachtlann - orphanage

obair dhaonnúil - humanitarian work

táirgeadh plaistigh - production of plastic

ina cheangal de réir dlí - legally binding

buaicphointe - climax

siamsóirí sráide - street entertainers

Show more...
3 months ago
8 minutes 16 seconds

Nuacht Mhall
2 Lúnasa 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá de mhí Lúnasa. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

Tá sé fógartha ag gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil 20,000 páiste tugtha isteach i Stráice Gaza le haghaidh cúram éigeandála agus iad ag fulaingt de bharr easpa bia. Tuairiscíodh freisin go bhfuil méadú suntasach ar an líon páistí áta ag fáil bháis agus an t-ocras ina chúis leis. Tá níos mó ná 1,000 Palaistíneach maraithe ag fórsaí Iosrael ó dheireadh mhí na Bealtaine nuair a bhí na híospartaigh ag iarraidh bia a fháil ag ionaid a bhí á reáchtáil ag Iosrael agus na Stáit Aontaithe. Fiú gan na hionsaithe, dar le breathnóirí, ní leor na hionaid chun dul i ngleic leis an ngorta áta le feiceáil ar an talamh. Muna gcuirtear uisce glan, bia ceart agus cúram leighis ar fáil, leanfaidh líon na marbh os cionn na 60,000 bás a tuairiscíodh cheana féin. Tá sé ráite ag tíortha lena n-áirítear Ceanada, an Fhrainc, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Ríocht Aontaithe go bhfuil siad ag smaoineamh ar aitheantas oifigiúil a thabhairt don Pháilistín, chun brú a chur ar Iosrael stop a chur leis an gcogadh.

Ag cruinniú speisialta an tseachtain seo, thug rialtais na hÉireann a cheadú do mhaoiniú úr seacht gcéad milliún chun a thuilleadh tithíocht shóisialta agus acmhainní a sholáthar. Is maoiniú breise é seo anuas ar an airgead a fograíodh le déanaí sa leagan nua den phlean forbartha náisiúnta. Chomh maith leis sin, chun an mheánaicme a shásamh, tá tús curtha ag an rialtais le proiseás comhairliúcháin faoi rialacha pleanála a bhaineann le tithe mórscála. Amach anseo, ní bheidh gá cead pleanála a fháil má chloíonn úinéirí le rialacháin áirithe, mar shampla, má tá gairdín mór go leor ann.

Is chun na Ríochta atá Corn Sam Mhig Uighir ag dul i ndiaidh an bhua chuimsithigh a fuair Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann. Bhí deich bpointe idir an dá fhoireann ag an bhfheadóg dheireanach, le cúl agus sé pointe is fiche scóráilte ag an Ríocht agus naoi bpointe déag scóráilte ag na fir ón iarthuaisceart. Mar a thuar go leor tráchtairí, bhí an tionchar ba láidre ag David Clifford, go háirithe sa chéad leath, nuair a d'aimsigh sé trí scor dhá phointe chun Ciarraí a chur i gceannas go compordach. Ach cé go raibh Clifford ina laoch, ní raibh sé ina aonar. Ba é a dheartháir Paudie a bhí ina cheannaire i lár na páirce agus threoraigh sé ionsaithe Chiarraí ar bhealach nárbh fhéidir le cosantóirí Dhún na nGall déileáil leis. In ainneoin taispeántas cróga ó Michael Murphy, a fuair ocht bpointe ar an lá, bhí lúth na ngéag caillte ag a fhoireann faoin am a scóráil Joe O'Connor an t-aon chúl den chluiche sa nóiméad deireanach. Tá naoi chraobh is tríocha buaite ag Ciarraí i stair an chomórtais anois.

*




gníomhaireacht - agency

ag fulaingt de bharr easpa bia - suffering from starvation

maoiniú breise - extra funding

proiseás comhairliúcháin - consultation process


lúth na ngéag - swiftness of limbs

Show more...
3 months ago
7 minutes 24 seconds

Nuacht Mhall
26 Iúil 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá is fiche de mhí iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Fuair an t-amhránaí rac-cheoil Ozzy Osbourne bás Dé Máirt an tseachtain seo, agus é 76 bhliain d'aois. As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agus Paranoid. Níos lú ná trí seachtaine ó shin, rinne Osbourne, a thug an t-ainm “Prince of Darkness” air féin, ceolchoirm dheireanach le slán a fhágáil ina bhaile dúchais, agus cuid mhaith de na ceoltóirí a spreag sé féin ar an ardán leis, Metallica agus Guns n’ Roses ina measc. I ráiteas, dúirt a theaghlach: "Is le níos mó bróin ná mar is féidir le focail a chur in iúl go gcaithfimid a thuairisciú gur bhásaigh ár n-Ozzy Osbourne grámhar ar maidin. Bhí sé lena theaghlach." Níor shonraigh siad cúis bháis, ach bhí sraith fadhbanna sláinte ag an réalta agus diagnóisíodh go raibh galar Parkinson air in 2019. Dheimhnigh urlabhraí thar ceann an teaghlaigh gur bhásaigh Osbourne sa Ríocht Aontaithe.
Tá cáineadh géar déanta ar an Rialtas as gan aon tagairt in aon chor a dhéanamh d’infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht san athbhreithniú ar an Phlean Forbartha Náisiúnta a foilsíodh inné. Tá táblaí sa phlean ina ndéantar briseadh síos ar €102.4 billiún den airgead atá geallta a dháileadh ar na ranna rialtais éagsúla ach níl an Ghaeltacht luaite fiú i dteideal na Roinne a bhfuil an cúram sin uirthi. An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá déanta den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta sa phlean. An t-aon áit a bhfuil an focal Gaeltacht luaite sa phlean nua ná i bhfonóta faoi aistriú cumhachtaí ranna éagsúla i ndiaidh an toghcháin dheireanaigh. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur údar náire a bhí san "easpa measa” a léirítear don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa phlean, a foilsíodh i mBéarla amháin. “Beimid ag obair linn idir seo agus an Buiséad lena chinntiú go bhfaigheann an teanga an sciar atá ag dul di agus go gcuirfear mar shampla maoiniú ceart ar leataobh do thithíocht sa Ghaeltacht,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.
Maraíodh bean ina 40idí agus beirt pháistí, buachaill agus cailín, i lámhach i gContae Fhear Manach Dé Céadaoin. Ba iad máthair agus a beirt pháistí íospartaigh an ionsaithe gunna i nDroichead Mhig Uidhir. Tá fear - atá ina bhall den teaghlach céanna - á chóireáil fá choinne gortuithe tromchúiseacha in Ospidéal Ríoga Victoria i mBéal Feirste. Dúirt ceannasaí póilíní an cheantair le tuairisceoirí go raibh an t-imscrúdú ag céim luath, ach go mbeadh amhras faoi dhúnmharú triarach agus iarracht féinmharaithe "ina líne fiosrúcháin amháin". Dúirt an Ceannfort Robert McGowan ag preasagallamh go bhfuil tús curtha ag Seirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann (PSNI) le himscrúdú dúnmharaithe agus go bhfuil siad "ag obair go gasta" chun na himthosca a chinneadh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

miotal trom - heavy metal

cúis bháis - cause of death

Plean Forbartha Náisiúnta - National Development Plan

easpa measa - lack of respect

lámhach - shooting

na himthosca - the circumstances

Show more...
3 months ago
5 minutes 16 seconds

Nuacht Mhall
19 Iúil 2025 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá déag de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tuairiscíodh sa Wall Street Journal gur scríobh Donald Trump litir bhreithlae ghraosta leath-thagairteach chuig Jeffrey Epstein, an t-airgeadaí agus péidifileach a chuir lámh ina bhás féin in 2019. Tá an tuairisc séanta ag Trump. Tá an-tacaíocht ag teoiricí comhcheilge faoi choireanna Epstein i measc lucht QAnon agus MAGA, dílseoirí Trump de ghnáth, agus anois tá an chonspóid ag éiri ina fhadhb pholaitiúil dó. Gheall Trump san fheachtas toghcháin go gcuirfeadh sé amach gach eolas faoi Epstein atá ag an rialtas, agus anois tá a chuid tacadóirí ag fanacht air. Dúirt Elon Musk ar X le linn troid mhór phoiblí le Trump an mhí seo caite go bhfuil Trump féin i gcomhaid Epstein.

Thosaigh tochailt agus dí-adhlacadh fóiréinseach choirp na leanaí atá curtha ar shuíomh an iar-árais máithreacha is leanaí i dTuaim an tseachtain seo. De réir taighde a rinne Catherine Corless, níl taifead adhlactha ag beagnach 800 leanbh a d’éag san áras idir 1925 agus 1961, nuair a raibh an t-áras i mbun oibre faoi na Siúracha Bon Secours, ar son Comhairle Contae na Gaillimhe. Dheimhnigh fiosrúchán ar an suíomh go bhfuil go leor cnámha leanaí ann i seanchóras séarachais an árais. Tá 5,000 meadar cearnógach sa suíomh, agus meastar go mbeidh an tochailt ar siúl go cionn dhá bhliain ar a laghad, ag iarraidh a fháil amach cé atá curtha ann.

Tá deireadh seachtaine mór spóirt ann faoi láthair. Inniu tá an chéad mhórchluiche de chamchuairt Leoin na Breataine agus na hÉireann ar siúl, i gcoinne na hAstrála i mBrisbane. I bPort Rois in Aontroim, tá Rory McIlroy agus Shane Lowry ag iarraidh an Chraobhchomórtas Oscailte Gailf a bhaint, den dara huair san áit chéanna i gcás Lowry, tar éis bua cáiliúil aige ann in 2019. Agus Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh, beidh Corcaigh agus Tiobraid Árainn san iomaíocht le haghaidh Chraobh Iománaíochta na hÉireann. Bhí a mbua deireanach ag Tiobraid Árainn sa bhliain 2019 acht tá Corcaigh ag fanacht fiche bliain le Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt abhaile leo.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

leath-thagairteach - innuendo-laden

teoiricí comhcheilge - conspiracy theories

iar-áras máithreacha is leanaí - former mother-and-baby home

taifead adhlactha - burial record

seanchóras séarachais - old sewerage system

an Chraobhchomórtas Oscailte Gailf - the Open (golf)

Show more...
3 months ago
6 minutes 2 seconds

Nuacht Mhall
12 Iúil 2025 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Tháinig na deartháireacha Gallagher ar ais le chéile an tseachtain seo don chéad ceolchoirm dá gcamchuairt aontaithe. Ba é seo an chéad léiriú ó Oasis ó scar an banna sé bliana déag ó shin. Sna blianta idir an dá linn, bhí achrann cáiliúil idir na deartháireacha Gallagher agus bhí amhras ann go mbeadh siad in ann seinm le chéile arís choíche. Ach an tseachtain seo, bhailigh sluaite díograiseacha le chéile chun an banna a fheiceáil agus chun canadh in éineacht le Wonderwall agus Don't Look Back in Anger. Cáineadh an chamchuairt roimhe seo as córas praghsála dinimiciúil a úsáid inar ardaíodh costas na dticéad de réir an éilimh. Aréir sheinn an grúpa os comhair lucht féachana de 80,000 duine i Manchain, an chéad sheó de chúig cinn ina mbaile dúchais, áit ar thosaigh an grúpa in 1991.

Beidh uachtar gréine saor in aisce ar fáil do chuairteoirí i bpáirceanna poiblí i gContae Chorcaí an samhradh seo. Tagann cur i bhfeidhm an tionscnaimh seo i ndiaidh do Chumann Ailse na hÉireann a rá go bhfuil riosca méadaithe ailse craicinn ann i measc teochtaí arda. Tuairiscítear gurb í an inacmhainneacht an phríomhchonstaic a chuireann cosc ar dhaoine uachtar gréine a chaitheamh. Beidh na dáileoirí grianscéithe ar fáil i bPáirc na Mara, Páirc Fitzgerald, Páirc Clashduv agus Páirc Meelick ó Luan. Tá foláireamh buí maidir le teocht ard i bhfeidhm do 14 chontae in Éirinn.

Cuirfear Taipéis Bayeux ar taispeáint sa Bhreatain tar éis tuairiscí gur aontaigh Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, cead a thabhairt don saothar ealaíne imeacht ón bhFrainc den chéad uair le 950 bliain. Léiríonn an taipéis, atá beagnach 70 méadar ar fhad, na himeachtaí a ba chúis le concas Normannach Shasana ag Liam Concar i gcoinne a chéile comhraic Harold, Iarla Wessex, agus a chríochnaíonn i gCath Hastings sa bhliain 1066. Mar mhalairt air sin, tabharfaidh Músaem na Breataine bailiúchán Sutton Hoo, fir fichille Lewis agus earraí eile ar iasacht don Fhrainc. Tháinig an fógra le linn chuairt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar an Ríocht Aontaithe.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

camchuairt - tour

córas praghsála dinimiciúil - dynamic pricing system

ailse craicinn - skin cancer

dáileoirí grianscéithe - sunscreen dispensers

Liam Concar - William the Conqueror

malairt - exchange

Show more...
4 months ago
4 minutes 43 seconds

Nuacht Mhall
5 Iúil 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.

Bhí féile Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo caite agus bhí conspóid ann don BBC dá bharr. Cé gur shocraigh an BBC roimh ré gan leagan beo de sheó Kneecap, an grúpa
rapcheoil Éireannach, a thaispeáint, bhí conspóid ann faoi ghrúpa eile, Bob Vylan. Chan amhránaí na beirte “bás don IDF” agus é ar an stáitse, agus cé gur cuireadh stiúrthóir
ginearálta an BBC ar an eolas ag an am, leanadh leis an léiriú a chraoladh. Chuir Bob Vylan ráiteas amach níos déanaí nach raibh siad “i bhfabhar bás Giúdach, Arabach ná aon chine nó grúpa eile. Táimid i bhfabhar díchóimeáil meaisín míleata foréigneach”. Níl an léiriú curtha ar fáil ar aon cheann de sheirbhísí ar éileamh an BBC agus tá na póilíní ag fiosrú anois é mar eachtra ord poiblí.

Tá “bille mór, álainn” Trump rite ag an Seanad, agus dúirt Trump gur “ceol dá chluasa” a bhí ann. Chuaigh triúr as caoga a trí Poblachtánach an tSeanaid i gcomhar leis na Daonlathaigh chun vótáil i gcoinne an phacáiste, a ritheadh caoga a haon-caoga tar éis don leas-uachtarán JD Vance an vóta comhscór a chaitheamh. Deirtear go dtacaíonn an bille le lucht an airgid trí laghduithe cánach, go maoineoidh sé an balla teorann, agus go méadóidh sé easnamh na Stát Aontaithe go trí thrilliún dollar sula dtiocfaidh deireadh le téarma Trump. Áirítear leis freisin laghduithe suntasacha maoinithe ar dhá chlár líontán sábhála: Medicaid, a sholáthraíonn cúram sláinte do Mheiriceánaigh bhochta agus faoi mhíchumas, agus an Clár Cúnaimh Cothú Forlíontach, a chabhraíonn le daoine earraí grósaera a íoc. Caithfear an bille a rith i dTeach na nIonadaithe anois, agus roinnt Poblachtánach sa seomra sin ag rá cheana féin nach dtacaíonn siad leis an leagan reatha.

Tá tonn teasa ollmhór ag scaipeadh ar fud na hEorpa agus teochtaí níos airde ná mar a taifeadadh roimhe seo i roinnt tíortha, lena n-áirítear an Spáinn agus an Phortaingéil. Shroich teochtaí daichead a sé pointe a sé celcius i gcuid den Phortaingéil, an teocht is airde riamh i mí an Mheithimh sa tír. Bhí tionchar mór ag na teochtaí, lena n-áirítear roinnt daoine ag fáil bháis, scoileanna ag dúnadh, agus srianta á gcur ar obair lasmuigh. Nascann saineolaithe minicíocht agus déine na dtonnta teasa seo le hathrú aeráide, agus iad ag tabhairt rabhadh go bhfuil siad ag éirí níos coitianta.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

conspóid - controversy

seirbhísí ar éileamh - on-demand services

líontán sábhála - safety net

earraí grósaera - groceries

tonn teasa - heatwave

minicíocht - frequency

Show more...
4 months ago
6 minutes 36 seconds

Nuacht Mhall
28 Meitheamh 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall ÓSiadhail.

Bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac DéMáirt, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar iarghobharnóir Stát Nua-Eabhrac Andrew Cuomo. Reáchtálfar toghchán an mhéara féin i mí na Samhna agus meastar gur rogha na coitiantachta a bheidh in iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhí tacaíocht leithéidí Bernie Sanders agus Alexandria Ocasio-Cortez ag Mamdani, agus é ag gealladh polasaithe níos forásaí ná Cuomo, lena n-áirítear reo cíosanna agus busanna saor in aisce sa chathair. Anuas air sin, tá Cuomo luaite le roinnt líomhaintí faoi chiapadh gnéasach. Má éiríonn le Mamdani i mí na Samhna beidh sé ina chéad Mhéara Moslamach i gCathair Nua-Eabhrac.

Tháinig fear slán as foirgneamh a bhí trí thine i lár Bhaile Átha Cliath le linn na seachtaine, buíochas le tiománaí leoraí a pháirceáil a fheithicil faoi fhuinneog an tí ar Rae Granby in aice le Cearnóg Parnell. Chonaic Tomasz Zareba fear amháin ag léim amach as fuinneog thuas staighre agus é féin a ghortú ar an tsráid ach ansin thiomáin sé a leoraí taobh leis an fhoirgneamh le go mbeadh fear eile ábalta teacht anuas go sábháilte. I ndiaidh na heachtra, chuaigh Zareba ar ais ag obair, agus é ag seachadadh earraí go siopaí sa chathair. Cuireadh cóireáil ar sheachtar ar an láthair agus cuireadh triúr san ospidéal, ach ní fios go fóill cad é ba chúis leis an tine.

Tá féile cheoil Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo, agus thart fá dhá chéad míle duine ag teacht go Worthy Farm in Somerset in iardheisceart Shasana. Is iad The 1975, Neil Young agus Olivia Rodrigo príomhoirfidigh na féile, a d’eagraigh anfeirmeoir Michael Eavis den chéad uair sa bhliain 1970, agus tá roinnt ceoltóirí móra Éireannacha ag seinm fosta i mbliana, lena n-áirítear Kneecap, CMAT, Sprints agus Inhaler. Seachtain ó shin, dúirt Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer go gcreideann sé nár chóir go mbeadh ceolchoirm Kneecap á léiriúar an teilifís, ach tá sé ráite ag an lucht eagraithe go bhfuil fáilte rompu ag an fhéile. Beidh an chéad fhéile eile ar siúl sa bhliain 2027, ós rud é gur feirm dhéiríochta é Worthy Farm agus go mbíonn bliain ina bhán de dhíth ó am go ham.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

bua gan choinne - unexpected victory

rogha na coitiantachta - favourite

reo cíosanna - rent freeze

líomháintí faoi chiapadh gnéasach - allegations of sexual harassment

príomhoirfidigh - headliners

bliain ina bhán -fallow year

Show more...
4 months ago
7 minutes 56 seconds

Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.