All content for Blas na Cathrach is the property of Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie and is served directly from their servers
with no modification, redirects, or rehosting. The podcast is not affiliated with or endorsed by Podjoint in any way.
Cúrsaí reatha, siamsaíocht, caint agus comhráite spéisiúla le muintir Bhaile Átha Cliath, curtha i láthair ag Joe Breathnach.
Agallamh le Diane Cannon, amhránaí cáiliúil, faoina turas go Nashville le TG4 agus agallamh le Mary Tynan, déantóir scannáin faoina gearrscannán Na Doirse.
Agallamh le Hannah McDermott ó Irish Bloc Berlin faoi díbirt beirt Éireannach mar gheall ar agóidí faoi Gaza; Agallamh le Eve Higgins, laoch rugbaí na hÉireann.
Agallamh le Seathrún Sardina, Gaeilgeoir líofa ó na Stáit Aontaithe, faoina foclóir nua i nGaeilge; Scéalta nuachta le ExtraG.ie agus na nathanna cainte.
Cad atá in ann do Ian Doherty ar Ros na Rún? Tá an t-aisteoir Denis Conway ag caint faoi sin agus go leor eile. Tá an cláirseoir Alannah Thornburgh ag caint faoina albam nua agus tá nuacht ó ExtraG.ie agus nathanna cainte.
Agallamh le Jake Óg ó na Shan Vans faoina dtionscadal nua faoin bPalaistín agus faoina gceol a thugann dúshlán do choilíniú an lae atá inniu ann. Le nathanna cainte agus scéalta nuachta ó ExtraG.ie.
An t-amhránaí Andúil ag caint faoi amhrán nua aici, Dope, agus fadhbanna drugaí i mBaile Átha Cliath; Comhrá le iarrthóir Dála, an Comhairleoir Hazel De Nortúin; Na nathanna cainte agus nuacht ó ExtraG.ie
Ómós ar leith do Brian Hobbs, laoch tragóideach an Stardust; Agallaimh agus ceol nua leis na ceoltóirí Róis agus Fiach Moriarty; Na nathanna cainte; Nuacht le ExtraG.ie.
Saol an Chaptaein Boycott a chruthaíonn go bhfuil baghcat éifeachtach; na nathanna cainte; nuacht le ExtraG.ie; albaim nua ag Ryan McMullan agus Christy Moore; agus ómós Bob Dylan de Kris Kristofferson.
Cuir sios ar Paddy Killoran, duine de mhórfhidléirí Shligigh a thug beocht nua as Meiriceá isteach sa cheol traidisiúnta, sna 1920idí agus 1930idí; Na nathanna cainte; Agus scéalta ó ExtraG.ie.
John Spillane ag caint faoi cheoldrama a chum sé atá bunaithe ar roinnt miotais Éireannacha, Fíoruisce – The Legends of the Lough; agus roinnt ceol uaidh. Agus nathanna caint agus nuacht ó ExtraG.ie.
An Comhairleoir Eoin Ó Broin, as Comhairle Contae Átha Cliath Theas, ag caint faoin méid Gaeilge atá le cloisteáil i gceantair áirithe anseo i mBaile Átha Cliath; nathanna cainte againn chun snas a chur ar ár gcuid Gaeilge; agus scéalta nuacht ó www.ExtraG.ie.