Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.
All content for An Spota Dubh is the property of Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie and is served directly from their servers
with no modification, redirects, or rehosting. The podcast is not affiliated with or endorsed by Podjoint in any way.
Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.
Imreoir Mhuineachain Dessie Mone agus iar-imreoir Chiarraí Éanna Ó Conchúir ag plé an féasta peile atá ar bun i bPáirc an Chrócaigh ar an deireadh seachtaine.
Dhá chluiche iontacha i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine nuair a rachaidh Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann chun páirce i gcluichí leathchraobh na hÉireann. Bhí Paudie Ó Néill linn agus muid ag breathnú ar an dá chluiche.
Ceithre chluiche sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais ar siúl ag an deireadh seachtaine agus cluichí suimiúla cinnte. Bhí Seán Denvir linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Bhí Conor 0`Shea ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. Tiobraid Arainn agus Gaillimh ar dtús agus Luimneach agus Baile Átha Cliath théis sin.
An babhta cinniúnach tagtha agus gach foireann ag iarraidh rud éigin a bhaint as na cluichí an deireadh seachtaine seo agus mar sin neart le plé. Labhair muid le Kevin Cassidy agus Rónán Ó Beoláin agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.
Bhí iar-iománaithe Chill Dara Tony Murphy agus Fiachra Ó Muinaecháin ag caint le Cárthach faoi chluiche mór i stair iomáint i gCill Dara ar an Domhnach.
Deireadh seachtaine mór i ndán dúinn agus ocht gcluiche ar bun i Craobh na hÉireann agus roinnt cluichí an-tábhachtach go deo. Bhí ár gcara Gary Brennan linn agus muid ag breathnú chun cinn ag na cluichí go léir.
An chuid eile do chluichí ó bhabhta a haon i gCraobh na hÉireann againn an satharn seo agus ceithre chluice iontacha i ndán dúinn. Labhair muid le Conall Ó Máirtín faoi na mórscéalta ar fad.
Beidh tús spleodrach le Craobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus ceithre chluiche mhóra ar bun ó bhabta a haon. Bhí Gary Sice, iarimreoir na Gaillimhe, linn agus muid ag breathnú ar na cluiché ar fad
Bhí Aoife O`Connor ag caint le Cárthach faoin conspóid Camogaíochta an tseachtain seo , agus na cluichí móra i gcúige laighean agus cluiche ollmhór i gcuige Mumhan
Dhá chluiche mhóra ag an deireadh seachtain sa rugbaí agus na cluichí leathcheannais i gCorn na Seaimpíní ar bun. Labhair muid le Hugh O'Sullivan agus muid ag breathnú chun cinn ag na cluichí móra.
Ceithre chluiche mhóra ag an deireadh seachtaine agus cluichí leathcheannais peile ar bun i gCúige Uladh agus Cúige Laighean. Bhí Lorcán Ó Máirtín linn agus muid ag plé na mórscéalta ar fad.
Neart cluichí suimiúla ag an deireadh seachtaine agus cluichí fud fad na tíre. Bhí Gary Sice agus Paddy Kelly linn agus muid ag breathnú ar na scéalta móra ar fad.
Bhi Iar-roghnoir Mhaigh Eo Martin Connolly ag plé cluiche mór an domhnach le Cárthach idir Maigh Eo agus Ciarraí agus na cluichí ceannais eile i Roinn 2,3 agus 4.
Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.