San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Caitlín Ní Chualáin agus Tomaí Ó Conghaile i dteannta Bhridget Bhreathnach agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, chun gach rud a bhaineann le hOireachtas na Samhna a phlé.
Cad atá romhainn i mBéal Feirste agus an tOireachtas ag filleadh ar an gcathair den chéad uair ó 1997? Cad is Oireachtas ‘maith’ ann?
Cad iad na háiteanna le dul i mBéal Feirste le sos beag a thógáil ón aicsean?
Pléitear na ceisteanna sin go léir chomh maith leis an athrú meoin atá tagtha ar dhaoine le roinnt blianta i leith an Oireachtais agus i leith na Gaeilge féin.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
An toghchán uachtaránachta agus a impleachtaí don pholaitíocht amach anseo, ó Theach Laighean go dtí Gaillimh Thiar, atá ag dó na geirbe againn ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge. Linn chun féachaint siar ar an bhfeachtas agus chun cinn ar an rian a fhágfaidh sé ar an bpolaitíocht, tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an craoltóir le Raidió na Gaeltachta Máirín Ní Ghadhra agus Harry Magee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times.
Pléitear feachtas a bhí leamh uaireanta ach a bhí stairiúil leis. Déantar cíoradh ar na himpleachtaí d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil, don Taoiseach Micheál Martin agus don Tánaiste Simon Harris. An iad Sinn Féin na buaiteoirí móra dáiríre nó an mbeidh comhghuaillíocht níos buaine ar an eite chlé againn feasta?
Agus cad iad na cúiseanna go bhfuil Catherine Connolly chomh fada sin chun cinn?
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Thug Catherine Connolly agus Heather Humphreys aghaidh ar a chéile i ndíospóireacht Prime Time RTÉ aréir, díospóireacht dheireanach an fheachtais uachtaránachta roimh lá na vótála Dé hAoine.
Cé a thug an lá léi? Ar éirigh le Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael, an taoide a chasadh nó an ndearna rogha na coitiantachta, an t-iarrthóir neamhspleách, Catherine Connolly, tuilleadh dul chun cinn?
Déanann Seán Tadhg Ó Gairbhí, Máirín Ní Ghadhra agus Maitiú Ó Coimín léirmheas ar an méid a dúradh agus nach dúradh agus ar an lorg a d’fhéadfadh sé a fhágáil ar laethanta deireanacha an fheachtais.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service
San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá Fionntán de Brún i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra.
Pléitear conspóid na comharthaíochta dátheangaí ó thuaidh, mar a bhfuil páirtithe aontachtacha in adharca a chéile faoi cé acu is naimhdí don Ghaeilge. Caitear súil chun cinn ar Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste agus pléitear na scéalta is déanaí sa toghchán uachtaránachta.
Agus ar deireadh, caitear súil ar chlár nua Imelda May ar RTÉ Amhráin na nGael a bheidh á chraoladh anocht, Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí sa dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann tá Alex Hijmans i dteannta Bhridget Bhreathnach, Maitiú Ó Coimín agus Máirín Ní Ghadhra. Labhraíonn Alex faoin gcolún ‘Cuimhne agus Dearmad’ ar Tuairisc, colún a scríobh sé ar feadh seacht mbliana faoin ngalar alzheimer a bheith ar a mháthair, a fuair bás le déanaí, trócaire uirthi.
Pléitear chomh maith bás an scríbhneora agus fear déanta clár taistil Manchán Magan agus an toghchán uachtaránachta ar cuireadh trí chéile é le déanaí nuair a d’éirigh iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin as.
Insíonn Alex dúinn faoina bheith ag déanamh uibheacha scrofa do pholaiteoirí áirithe nuair a bhíodh caifé An Bhananaphoblacht aige sa Ghaillimh agus tá scéal ag Maitiú dúinn faoi thuairimí Heather Humphreys i leith na Gaeilge agus na hUltaise.
Agus ar deireadh, breithlá Tuairisc, a bunaíodh 11 bliain ó shin ar an 9 Deireadh Fómhair 2014.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán breise seo de An Pod Gaeilge, pléann Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026.
Déantar briseadh síos ar an maoiniú breise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do TG4. Pléitear cáineadh an fhreasúra ar an rialtas agus cuirtear an cheist, an cabhair a bhí ann go raibh aire sinsearach ag déanamh chás na Gaeilge roimh an mbuiséad don chéad uair ó 2011?
Agus an mbeidh lucht stocaireachta agus an breis is 20,000 duine a bhí ag máirseáil ar son na teanga trí seachtaine ó shin sásta leis an ardú?
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie
Sa dara heagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Darach Ó Scolaí, Alan Titley agus Maitiú Ó Coimín plé ar liosta na hirise Comhar de na 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas agus ar cén fáth go bhfuil an-tábhacht leis mar liosta ach nár cheart é a thógáil ródháiríre. Pléitear chomh maith duais mhór Dharach, an aip léitheoireachta is ansa le Maitiú agus plean dúnmharfach poiblíochta Alan do litríocht na Gaeilge. Agus cad faoi na daoine nár éirigh leo áit a fháil ar an liosta?
Bíonn cur agus cúiteamh ann faoi staid na litríochta agus na foilsitheoireachta Gaeilge agus ar deireadh déantar trácht ar an bhfeachtas uachtaránachta.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie
Sa chéad eagrán den dara sraith den ‘Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal, déanann Bridget Bhreathnach, Máirín Ní Ghadhra, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar thoghchán na huachtaránachta agus ar ghealltanais na n-iarrthóirí faoin nGaeilge. An mbeidh sé ina bhuntáiste ag Catherine Connolly go bhfuil Gaeilge aici, nó an cuma le daoine in ainneoin an teanga a bheith sa bhfaisean?
Pléitear chomh maith mórshiúl mór millteach na Gaeilge agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige agus cás cúirte Mo Chara ó Kneecap in Westminster.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Don eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Corcaigh chun labhairt le Pádraig Hamilton, Corcaíoch a bhfuil dlúthcheangal aige le Corca Dhuibhne agus le Dún Chaoin go háirithe ó thosaigh sé ag dul ann sna caogaidí.
Labhraíonn Pádraig ar an nGaeltacht mar a bhí agus mar atá, ar na pearsana móra a raibh aithne aige orthu i nDún Chaoin, agus ar chúrsaí litríochta agus polaitíochta.
Pléann siad chomh maith cúrsaí oideachais agus an mheánscoil a bhunaigh athair Phádraig i nDroichead na Bandan i 1940, Ardscoil Uí Urmoltaigh, nó Hamilton High, scoil atá sa chóras saoroideachais ach atá fós i seilbh mhuintir Hamilton.
Déanann siad paiste cainte chomh maith faoin ngean atá ag Pádraig ar Naomh Carlo Acutis.
Seo an t-eagrán deireanach sa chéad sraith de ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’, sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Beidh Helen ar ais leis an dara sraith go luath!
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go stiúideo Tuairisc i mBearna na Gaillimhe chun labhairt le Gearóid Ó Tuathaigh, ó Luimneach ó dhúchas, a bhí ina ollamh le stair in Ollscoil na Gaillimhe agus atá ar dhuine de mhórstaraithe na hÉireann.
Agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin, labhraíonn an tOllamh Emeritus le Stair faoi ról traidisiúnta an uachtaráin agus an t-athrú atá tagtha air. Tráchtann sé ar a óige i Luimneach, ar bhogadh go dtí an Ghaillimh chun tabhairt faoin léann, ar an ngá le hathbheochan a dhéanamh ar aisling na hollscolaíochta Gaeilge agus ar a chairdeas le Micheál D Ó hUigínn.
Pléann siad chomh maith ceisteanna móra geopholaitíochta na linne, an cinedhíothú in Gaza, Donald Trump, Valdimir Putin agus na fáthanna go bhfuil an lámh in uachtar ag an lámh láidir faoi láthair sa domhan.
Déanann siad paiste cainte chomh maith faoi dhaonlathú na staire agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann leis.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Ceann Heilbhic sna Déise chun labhairt le Darren Ó Droma faoin tragóid a sciob léi beirt chairde leis agus a spreag é chun tús a chur le snámh carthanachta.
Labhraíonn sé le Helen faoin gcumhacht a bhaineann le spiorad pobail agus leis an gcairdeas. Labhraíonn Darren chomh maith faoin timpiste ar pháirc na himeartha a d’fhág ar leathshúil é agus ar an tréimhse a raibh ailse air.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Luimneach chun labhairt le hÉamon Ó Siochrú, ó Bhaile an Ghóilín i gCorca Dhuibhne ó dhúchas, a chaith trí thréimhse ar dualgas sa Liobáin nuair a bhí sé in arm na hÉireann, in 1981-82, 1985-1986 agus in 2007-2008.
Labhair an t-iarchoirnéal agus iarthaidhleoir le Helen faoi na tréimhsí sin agus faoin gcinneadh a dhein na Náisiúin Aontaithe le déanaí deireadh a chur in 2027 le misean síochána fadbhunaithe arm na hÉireann sa Liobáin.
Labhraíonn siad faoi cheist an Mheánoirthir, faoi léamh Éamoin ar chás na Palaistíne agus a bhfuil i ndán do mhuintir na Palaistíne.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Jack O’Connor a bhfuil cúig chraobh na hÉireann buaite aige, ceann na bliana seo ina measc.
Chuaigh Helen go dtí Uíbh Ráthach a dhúchais chun labhairt le Jack díreach roimh an bhfógra oifigiúil go mbeadh sé ag fanacht mar bhainisteoir ar a chontae.
Labhraíonn siad faoin gcinneadh sin, faoin dúil mhínádúrtha atá aige sa pheil, faoi cad a choimeádann ag imeacht é os cionn 20 bliain ó bhuaigh sé a chéad chraobh na hÉireann mar bhainisteoir.
Labhraíonn sé faoin gcáineadh a deineadh ar Chiarraí i gcaitheamh na craoibhe seo agus faoi cad ina thaobh gur ghoill cáineadh áirithe níos mó ná aon cháineadh eile. Féachann sé siar ar chluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Dhún na nGall agus ar na laethanta maithe agus na drochlaethanta a bhí aige le Ciarraí. Déanann sé cur síos ar an dtábhacht ina shaol a bhaineann lena áit dhúchais – An Dromaid – agus lena mhuintir agus déanann sé cur síos ar na gnéithe den pheil agus den bhainistíocht a thugann sásamh dó. Tráchtann sé chomh maith ar an easpa 'ego' agus 'vaimpírí fuinnimh' i seomra feistis sheaimpíní na hÉireann 2025.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’ Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hAndrea Palandri, ceoltóir agus scoláire a bhfuil a chlann á tógáil trí Ghaeilge agus Iodáilis i gCorca Dhuibhne
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen leis an Iodálach Andrea Palandri, ceoltóir agus scoláire atá ag cur faoi i gCorca Dhuibhne. Labhraíonn siad faoina shuim sa seanstair agus i seanteangacha agus faoi cad a spreag é chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus bogadh go dtí an Ghaeltacht.
Labhraíonn sé faoi oidhreacht bheo na teanga, faoi shaol na Gaeltachta agus muintir Chorca Dhuibhne agus faoina dhúchas san Iodáil. Déanann sé cur síos ar an taitneamh a bhaineann sé as a bheith ag foghlaim faoi conas a labhraíonn daoine agus cad ina thaobh gur mar sin a labhraíonn siad. Ar deireadh pléann siad a bhfuil i ndán don teanga.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Colm Mac Con Iomaire, ceoltóir agus cumadóir as Baile Átha Cliath, faoina shaol ag plé leis an gceol, faoi bhunú na mbannaí Kíla agus The Frames agus faoi bheith ar chamchuairt le Bob Dylan.
Is ar stáitse in áiteanna ar nós an Sydney Opera House agus an Hollywood Bowl a bhí The Frames agus iad i mbarr a réime ach déanann Colm cur síos ar an míshuaimhneas a tháinig air an tráth sin agus an tuiscint a fuair sé go raibh sé in am aige léim ón mbus.
Labhraíonn Colm chomh maith faoin tumadh a fuair sé sa gceol agus sa nGaeilge sa mbaile, faoin taithí a fuair sé ó bheith ag seinm ar shráideanna na príomhchathrach le linn a óige agus faoin gceangal a bhíonn idir an ceoltóir agus a uirlis - fidil 250 bliain d’aois a bhíonn á seinm aige.
Ar deireadh, déanann Helen agus Colm paiste cainte faoin Phalaistín, áit ar thug Colm cuairt uirthi in 2019, agus faoin tionchar gur féidir le ceoltóirí a imirt ar chúrsaí idirnáisiúnta mar sin.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an sár-aisteoir as Gaeltacht Chonamara, faoi cheird na haisteoireachta agus saol an aisteora, faoi thábhacht agus áilleacht na Gaeltachta, faoi Ros Muc agus Broadway, TG4 agus Amharclann na Mainistreach.
Pléann siad na difríochtaí idir obair stáitse agus obair scáileáin agus an borradh atá faoi scannáin Ghaeilge. Labhraíonn Bríd faoi bheith ag obair le Brien Friel agus Martin McDonagh agus faoin meas atá aici ar a saothar.
Ar deireadh déanann Helen agus Bríd paiste cainte faoin thuas seal thíos seal a bhaineann le bheith i d'aisteoir, faoin dúshlán a bhaineann le guth na mban a chur in iúl i saol na haisteoireachta, faoin misneach a thagann le haois agus faoina bheith mórtasach as gan 'aon tóin a líochán riamh'.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Eagrán #6:
San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le hÁine Uí Fhoghlú ón Rinn, file, poblachtánach agus gníomhaí ar son na gceart, faoi chás na Gaeltachta agus na teanga, faoi cheird na filíochta, faoina muintir agus a cúlra agóidíochta agus faoi cad a chiallaíonn an poblachtánachas di.
Labhraíonn sí faoina tréimhse ag obair mar chraoltóir i gCorca Dhuibhne, an seal a thug sí ag obair do Shinn Féin sna 1980idí nuair a bunaíodh Roinn an Chultúir sa pháirtí agus nuair a bhíodh ‘súil an stáit’ uirthi féin tráth a raibh an ‘phóilíneacht pholaitiúil’ sa treis.
Pléann siad na cúiseanna eile a gcuireann Áine suim iontu, cás mhuintir Gaza go háirithe.
Ar deireadh déanann Helen agus Áine páiste cainte faoi fheidhm na filíochta, faoi na saothair ealaíne atá le feiceáil i dtigh Áine agus faoi oidhreacht an fhoilsitheora Pádraig Ó Snodaigh a bhásaigh i mbliana.
Eagrán #5:
‘Cé a ghabh an doras isteach chugam ach garsúinín Pheats Tom?’
Cailleadh le déanaí Mairéad Ní Chearnaigh, a bhí 102 bliain d’aois, an bhean dheireanach a mhair ar saolaíodh ar an mBlascaod Mór í. Labhraíonn a neacht Máirín Ní Chearnaigh le Helen faoina haintín agus faoi dheireadh a bheith tagtha le ceangal dlúth áirithe le saol atá imithe. Labhraíonn Máirín faoina saol féin, faoina muintir agus faoina tógaint féin i nDún Chaoin, áit a mbíodh achasáin á gcaitheamh chuig ‘coiníní an oileáin’.
Labhraíonn siad faoin imirce, faoin saol a bhí ag muintir Mháirín ar an oileáin, ar an mórthír agus i Meiriceá.
Insíonn Máirin dúinn scéal grá faoi chailín óg ón oileán agus duine de na scoláirí móra a bhí meallta ag an mBlascaod.
Insíonn Máirín leis dúinn faoin ngrá millteach atá aici don Ghaoluinn agus faoina comharsana béaldorais agus í ag fás aníos i mBaile an Bhiocáire – Peig Sayers agus Maidhc File.
Ar deireadh déanann Helen agus Máirín páiste cainte faoi shaol Mháirín mar mhúinteoir agus faoi conas Gaelscoil a dhéanamh de scoil Bhéarla. Deir Máirín leis go bhfuil dualgas ann a chur in iúl don dream óg sa Ghaeltacht go bhfuil a dteanga agus a gcultúr féin acu gur fiú iad a thabhairt slán. Údar náire é, a deir Máirín, go mbeadh duine óg i siopa Gaeltachta á freagairt I mBéarla.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Eagrán #5: ‘Ní thuigeann an Tuaisceart an Deisceart ach oiread’
Sa chúigiú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an Dr Ciarán Dawson as Béal Feirste, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus iarbhall den IRA a chaith sé bliana i bpríosún le linn na dTrioblóidí.
Pléann Helen le Ciarán an cogadh ó thuaidh, saol an phríosúin sa Cheis Fhada, agóid na pluide agus a chomrádaithe, Bobby Sands ina measc, a fuair bás ar na stailc ocrais.
Labhraíonn sé faoin tsíocháin, faoin difríocht idir na sé chontae ar fhás sé aníos iontu agus na sé chontae inniu agus faoin easpa tuisceana atá ag muintir an Tuaiscirt agus muintir an deiscirt ar a chéile.
Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Podchraoladh ó Tuairisc.ie. seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘Paiste Cainte’ is a special series of interviews from ‘An Pod Gaeilge’, an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Eagrán #4: ‘Tá mé tagtha, b’fhéidir, ar ath-thuiscint ar mharú Bridget Cleary’
Sa cheathrú heagrán de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, sraith nua agallamh ‘An Pod Gaeilge’, labhraíonn Helen leis an scoláire agus údar aitheanta Angela Bourke faoina leabhar cáiliúil The Burning of Bridget Cleary: A True Story, saothar ceannródaíoch faoi mharú mná i dTiobraid Árann 130 bliain ó shin.
In 1895 d’imigh Bridget Cleary, a bhí 26 bliain d’aois, gan tásc gan tuairisc óna baile. Maíodh ar dtús gurbh amhlaidh go raibh sí imithe sna púcaí agus í tugtha leo acu go dtí a lios in aice láimhe. Dúradh go bhfillfeadh sí ar mhuin capall bán. Ach nuair a fuarthas a corp loiscthe go cnámh gabhadh a fear céile, a hathair, a haintín agus ceathrar col ceathracha léi. Tharraing an eachtra uafásach go leor cainte ag an am agus tá gnéithe den scéal ábhartha inniu féin.
Labhraíonn Helen le Angela Bourke faoina tuiscint ar an scéal breis is 25 bliain ó foilsíodh a sárshaothar The Burning of Bridget Cleary: A True Story, faoin mbéaloideas agus na rudaí ar féidir leis agus nach féidir leis a mhíniú, faoin mbruidiúlacht agus an chos ar bholg in aghaidh na mban, faoi theacht an nualiobrálachais agus na tíoránaigh a insíonn dúinn go mbíonn aon fhreagra amháin ar cheisteanna móra an tsaoil.
Ar deireadh thiar pléann Angela an ceacht is mó a d’fhoghlaim sí óna cuid taighde – an tábhacht atá leis an gcaidreamh idir daoine.