All content for Pé Scéal é is the property of RTÉ Raidió na Gaeltachta and is served directly from their servers
with no modification, redirects, or rehosting. The podcast is not affiliated with or endorsed by Podjoint in any way.
Clár siamsaíochta, ceoil agus comhrá le pobal óg na tíre á chur i láthair beo ó stiúideo Chasla ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.
Lena rogha de ghigeanna agus albaim na bliana agus an t-eolas ar fad aici faoi cé ar cheart dúinn súíl a choinneáil amach dóibh i saol an cheoil i mbliana.
Ag labhairt linn faoi na háiteacha ar féidir le daoine a dhul do na gigeanna móra ceoil. Insíonn sé dúínn freisin faoin tóir atá ag daoine ar Cheanada agus an chaoi go bhfuil níos mó daoine ag dul ar an Albáin.
Labhraíonn sí linn faoina chéad amhrán atá díreach eisithe aici, Suaimhneas. Insíonn sí dúinn faoin gceol ina saol freisin agus í ar a bealach chun na Róimhe le stáidéar a dhéanamh ar an gceol ansin ar feadh bliana.
Ag tabhairt leideanna taistil dúinn d'aiteachaí a d'fhéadfá cuairt a thabhairt orthu in Éirinn an samhradh seo. Insíonn sí freisin dúinn faoi earraí nua atá ag teacht go luath ó Mara Duit.
Ag labhairt linn faoin gcaoi go bhfuil siad ag caitheamh roinnt míonna i gCeanada i mbun scéime píolótach agus iad ag iarraidh an nasc a neartú idir Éire agus Ceanada.
Is é Joe an t-oifigeach pleanála teanga agus is í Aoife an t-oifigeach óige i gCarn Tóchair. Labhrann siad faoi chúsaí óige agus teanga agus tá Caoimhe ag obair sa gcaifé 'An Croí' agus Eamair ag obair sa tsiopa.
Tá Ruairí i mbun an chlub amhránaíochta leis na gasúir aitiúla ach freisin labhrann sé faoin saol mar imreoir iomána do Shléacht Néill agus ar fhoireann Dhoire. Insíonn Evie Rose, Molly agus Ailish dúinn cén fáth a dtaithníonn an club amhránaíochta leo.