Home
Categories
EXPLORE
True Crime
Comedy
Society & Culture
Business
Sports
Technology
Health & Fitness
About Us
Contact Us
Copyright
© 2024 PodJoint
00:00 / 00:00
Podjoint Logo
US
Sign in

or

Don't have an account?
Sign up
Forgot password
https://is1-ssl.mzstatic.com/image/thumb/Podcasts113/v4/66/bb/84/66bb84a8-2668-a991-c568-dc7a67e42e17/mza_1055645673855697344.jpg/600x600bb.jpg
Learn Irish with daily podcasts
V H
300 episodes
4 days ago
Learn Irish
Show more...
Education
RSS
All content for Learn Irish with daily podcasts is the property of V H and is served directly from their servers with no modification, redirects, or rehosting. The podcast is not affiliated with or endorsed by Podjoint in any way.
Learn Irish
Show more...
Education
Episodes (20/300)
Learn Irish with daily podcasts
20251030_IRISH__trump_ag_maiomh_as_comhaontu_nua_leis_an_tsin
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/23h3hh5p

Contact: irishlingos@gmail.com
Trump touting a new deal with China.
Trump ag maíomh as comhaontú nua leis an tSín.
US President Donald Trump said he and Chinese President Xi Jinping reached a significant trade agreement in a meeting the two men held in the South Korean city of Busan.
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur tháinig sé féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping ar chomhaontú suntasach trádála i gcruinniú a bhí ag an mbeirt fhear i gcathair Busan sa Chóiré Theas.
Trump said he agreed to reduce tariffs on Chinese goods from 47% to 57% in exchange for a promise from Xi that China would resume buying soybean products from the United States, that China would continue to supply rare earth minerals to the international market, and that China would do more to prevent the production of the drug fentanyl in that country.
Thug Trump le fios gur shocraigh sé ar tharaifí ar earraí ón tSín a laghdú ó 47 faoin gcéad go 57 faoin gcéad mar mhalairt ar ghealltanas ó Xi go gceannódh an tSín táirgí pónairí soighe ó na Stáit Aontaithe arís, go leanfadh an tSín ag soláthar mianrai tearcithreacha don mhargadh idirnáisiúnta agus go ndéanfadh an tSín tuilleadh le táirgeadh an druga feantainil sa tír sin a chosc.
Trump is very proud of that and said it was a "great meeting."
Is mór an maíomh ag Trump an méid sin agus dúirt sé gur "cruinniú iontach ar fad" a bhí ann.
Xi made a more moderate statement after the meeting, then.
Ráiteas níos measartha a rinne Xi i ndiaidh an chruinnithe, más ea.
According to him, "representatives of the two countries reached an agreement on the best way to address important economic and trade issues" and "it was now important to finalize the details and implement what had been agreed".
Dar leisean gur "tháinig ionadaithe an dá thír ar chomhaontú faoin mbealach is fearr le dul i gceann ceisteanna tábhachtacha eacnamaíochta agus trádála" agus "nár mhór anois bailchríoch a chur ar na mionsonraí agus ar aontaíodh a chur i bhfeidhm".
Trump and Xi met at a summit of Pacific leaders and the talks between the two reportedly lasted two hours.
Is ag cruinniú mullaigh de cheannairí thíortha an Áigéin Chiúin a tháinig Trump agus Xi le chéile agus tuairiscítear gur dhá uair an chloig a mhair na comhráite idir an bheirt.
Above all else, the Americans want to solve the issue of rare earth minerals because China, more than any other country, has the most of them.
Thar aon cheist eile, teastaíonn ó na Meiriceánaigh ceist na mianrai tearcithreacha a réiteach ós sa tSín, thar aon tír eile, is mó atá siad le fáil.
The discussions between Trump and Xi focused on economic and trade matters and did not appear to discuss contentious political or military issues.
Is ar chúrsaí eacnamaíochta agus trádála a díríodh sna comhráite idir Trump agus Xi agus is cosúil nár pléadh ceisteanna achrannacha polaitíochta ná míleata.
Trump said that the fate of Taiwan, for example, was not mentioned, and it seems that not a syllable was said about the new military agreement between the United States and South Korea.
Dúirt Trump nár luadh a bhfuil i ndán don Téaváin, cuir i gcás, agus dealraíonn sé nach ndúradh oiread agus siolla faoin gcomhaontú nua míleata idir na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas.
In addition, a few minutes before the meeting between the two leaders, Trump announced on his own social media that the United States intended to test nuclear weapons again, for the first time since 1992.
Ina cheann sin, cúpla nóiméad roimh an gcruinniú idir an bheirt cheannairí, d'fhógair Trump ar a mheán sóisialta féin go raibh rún ag na Stáit Aontaithe airm núicléacha a phromhadh an athuair, an chéad uair ó 1992.
Show more...
4 days ago
12 minutes 1 second

Learn Irish with daily podcasts
20251023_IRISH__iarrthoiri_uachtaranachta_ag_stocaireacht_in_aiteanna_eagsula
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2baut57r

Contact: irishlingos@gmail.com
Presidential candidates lobbying in various locations.
Iarrthóirí Uachtaránachta ag stocaireacht in áiteanna éagsúla.
The two candidates in the Presidential election are campaigning in different regions of the country today – half and half in Leach-Quinn and half in Leach- Mogha – with only two days left before the big day itself.
Tá an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag stocaireacht i réigiúin éagsúla sa tír inniu – idir Leath Chuinn agus Leath Mhogha leath ar leath – agus gan ach dhá lá fanta roimh an lá mór féin.
Among those in Munster is Fine Gael candidate Heather Humphreys, between Cork and Co Clare.
I measc na ndaoine i gCúige Mumhan atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, idir Corcaigh agus Co an Chláir.
She was first in Cork city this morning, then in Ballycastle, and from there she will go to Enniscray.
I gcathair Chorcaí a bhí sí ar dtús ar maidin, i mBaile Mhisteála ina dhiaidh sin, agus rachaidh sí as sin go hInis an Chláir.
Left-wing candidate Catherine Connolly is in Ulster, going out through the people in Co. Monaghan and Co. Cavan.
Is in Ultaibh atá iarrthóir na heite clé Catherine Connolly agus í ag dul amach trí na daoine i gCo Mhuineacháin agus i gCo an Chabháin.
She will visit Athlone in County Westmeath this afternoon and Mullingar afterwards.
Tabharfaidh sí sciuird ar Bhaile Átha Luain i gCo na hIarmhí tráthnóna agus ar an Muileann gCearr ina dhiaidh sin.
The pair clashed in the final election debate which aired on RTÉ television last night.
Chuaigh an dís in árach a chéile i ndíospóireacht dheireanach an toghcháin a bhí ar siúl ar theilifís RTÉ aréir.
Heather Humphreys was the most controversial of them all during the debate, and if the polls are true, she is far behind Catherine Connolly.
Ba í Heather Humphreys ba spairní díobh le linn na díospóireachta arae, más fíor do na pobalbhreitheanna, tá sí i bhfad chun deiridh ar Catherine Connolly.
According to political analysts, then, while it cannot be said that neither of them was without a sense of urgency, neither of them was without a sense of urgency.
Dar leis na hanailísithe polaitíochta, más ea, cé nach bhféadfadí a rá nár bhain béim chreabhair do cheachtar acu nár buaileadh an bhrathbhéim ar cheachtar acu.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
1 week ago
7 minutes 7 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20251019_IRISH__bealach_rafah_i_gaza_le_hathoscailt_gan_mhoill
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2bj33wjx

Contact: irishlingos@gmail.com
Rafah crossing in Gaza to reopen soon.
Bealach Rafah i Gaza le hathoscailt gan mhoill.
It is hoped that the Rafah crossing in the Gaza Strip will be open again by next Sunday.
Tá súil go mbeidh bealach Rafah i Stráice Gaza oscailte arís faoin Domhnach seo chugainn.
The Israeli Foreign Minister announced this this morning.
Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael a thug an méid sin le fios ar maidin inniu.
For the first time in 2 years, Palestinians will have the right to enter and leave Gaza.
Den chéad uair le 2 bhliain beidh sé de cheart ag Pailistínigh teacht agus imeacht as Gaza.
However, it is uncertain whether food will be allowed in through that route on a regular basis, with hundreds of trucks now on standby to provide humanitarian aid to the people of the strip.
Níltear cinnte áfach an gceadófar bia isteach tríd an bhealach sin ar bhonn rialta agus na céadta leoraithe faoi réir anois le cúnamh daonchabhrach a chur ar fáil do phobal an stráice.
It is said that there is now an urgent need for a large amount of assistance in light of what the community has suffered there since October 2023.
Deirtear go bhfuil géarghá anois le líon ard cúnaimh i bhfianaise an méid atá fulaingte ag an bpobal ansin ó Dheireadh Fómhair 2023.
Israel remains deeply dissatisfied with what it says is the slowness of Hamas militants in returning the bodies of the hostages they were holding.
Tá míshástacht mhór ar Iosrael i gcónaí maidir leis an mhoilleadóireacht a deir sé atá ar threallchogaithe Hamas i dtaca le coirp na ngialla a bhí á gcoinneáil acu a thabhairt ar ais.
Hamas says that some of these bodies are heavily covered in debris and that special equipment is required to access them, not to mention additional time.
Deir Hamas go bhfuil roinnt de na coirp sin faoi bhrat trom smionagair agus go bhfuil trealamh speisialta ag teastáil le teacht orthu gan trácht ar bhreis ama.
It is estimated that 19 bodies have not yet been returned to their families in Israel.
Áirítear go bhfuil 19 corp le teaghlaigh in Iosrael nach bhfuil tugtha ar ais dóibh go fóill.
Inbar Hayman (27) received a state funeral in Israel this morning.
Fuair Inbar Hayman (27) sochraid stáit in Iosrael ar maidin inniu.
She was the last female body held by Hamas, a woman who was kidnapped during the Nova festival in October 2023 and killed sometime later.
B'ise an corp mná deiridh a bhí coinnithe ag Hamas, bean a fuadaíodh le linn fhéile Nova i nDeireadh Fómhair 2023 agus a maraíodh am éigin ina dhiaidh sin.
Some reports say that the Israeli military campaign is continuing despite a ceasefire being declared in Gaza.
Deir tuairiscí áirithe go bhfuil feachtas míleata Iosrael ag leanacht ar aghaidh i gcónaí ainneoin sos comhraic a bheith fógraithe i Gaza.
Hamas claims that up to 20 people have been killed there in the past week.
Maíonn Hamas go bhfuil suas le 20 duine maraithe ansin le seachtain.
Show more...
2 weeks ago
9 minutes 3 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20251014_IRISH__priosun_gearrtha_ar_fhear_og_a_ghlac_pairt_i_gcireibeacha
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/23eqpol6

Contact: irishlingos@gmail.com
A young man who took part in riots has been sentenced to prison.
Príosún gearrtha ar fhear óg a ghlac páirt i gcíréibeacha.
In Dublin Circuit Criminal Court, a young man who pleaded guilty to taking part in anti-immigration riots in the city last year and setting fire to a Luas tram was sentenced to four years in prison – the latter suspended.
I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, gearradh ceithre bliana príosúin – an ceann deireanach ar fionraí – ar fhear óg a phléadáil ciontach i bpáirt a ghlacadh i gcíréibeacha in aghaidh na hinimirce sa chathair arú anuraidh agus i dtram Luas a chur trí thine.
That's Evan Moore, a 20-year-old apprentice electrician, from Grangemore Road in Donaghmede in north Dublin.
Sin é Evan Moore, leictreoir faoi oiliúint 20 bliain d'aois, as Bóthar na Gráinsí Móire i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
A Garda told the court that Evan Moore had been incited to violence on social media and had ignored his mother's pleas not to enter the city centre on the night of November 23, 2023.
Dúirt Garda sa chúirt gur gríosaíodh chun foréigin ar na meáin shóisialta Evan Moore agus gur thug sé neamhaird ar achainí a mháthar gan dul isteach i lár na cathrach oíche an 23 Samhain 2023.
It was said that he broke a window on the tram and dragged a bin that was already on fire into it.
Dúradh gur bhris sé fuinneog ar an tram agus gur tharraing sé isteach ann araid a bhí trí lasadh cheana.
Luas services had to be suspended for twenty-four hours due to the arson and it was estimated that €5 million worth of damage was caused to the tram.
B'éigean seirbhísí Luas a chur ar fionraí ar feadh ceithre huaire is fiche mar gheall ar an loscadh agus áiríodh go ndearnadh luach €5 mhilliún de dhamáiste don tram, a dúradh.
It was not until six months later that Gardaí arrested Evan Moore while taking part in an extreme right-wing protest.
Ní go dtí sé mhí ina dhiaidh sin a ghabh na Gardaí Evan Moore agus é ag glacadh páirt in agóid de chuid na heite deise antoiscí.
The young man had never been convicted before and was said to have deeply regretted what he had done.
Níor ciontaíodh an fear óg riamh cheana agus dúradh go raibh an- aiféala go deo air as a ndearna sé.
It was also revealed that he had completed an anti-racism course.
Tugadh le fios freisin go raibh cúrsa frithchiníochais déanta aige.
Judge Orla Crowe said she took all of that into account when considering the sentence she would impose on the offender.
Dúirt an Breitheamh Orla Crowe gur chuir sí é sin ar fad san áireamh nuair a bhí sí ag déanamh a machnamh ar an bpianbhreith a ghearrfadh sí ar an gciontach.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
2 weeks ago
8 minutes 28 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20251007_IRISH__imni_faoi_fhoreigean_dilseoiri_faoi_chomharthaiocht_datheangach
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/24vspuan

Contact: irishlingos@gmail.com
Concerns about Loyalist violence over bilingual signage.
Imní faoi fhoréigean Dilseoirí faoi chomharthaíocht dátheangach.
Conradh na Gaeilge says the threats made by Loyalist paramilitaries at the weekend that Belfast City Council property will be destroyed if it has bilingual signage are a cause for great concern.
Deir Conradh na Gaeilge gur cúis mhór imní iad na bagairtí a rinne paraimíleataigh Dílseora ag an deireadh seachtaine go scriosfar maoin de chuid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste má bhíonn comharthaíocht dátheangach orthu.
In an open letter from Conradh na Gaeilge and the Leaders of the Parties and the City Council, the League says that it is a cause for concern for everyone who supports the Irish language and equality in general.
I litir oscailte ó Chonradh na Gaeilge agus ó Cheannairí na bPáirtithe agus ó Chomhairle na Cathrach deir an Conradh gur cúis imní é do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile.
The threat has been condemned by Ulster Unionist leader Mike Nesbitt.
Tá an bhagairt cáinte ag ceannaire Aondachtóirí Uladh, Mike Nesbitt.
A draft Irish language policy agreed by the Council would mean that Irish and English would be more prominent and side by side on all Council publications and property.
Chiallaódh dréachtpholasaí Gaeilge atá aontaithe ag an Chomhairle go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla níos feiceálaí agus iad le taobh a chéile ar gach foilseachán agus maoin de chuid na Comhairle.
But since the policy was adopted last Wednesday the UDA and UVF have threatened to destroy any property bearing the signage.
Ach ó glacadh leis an pholasaí Dé Céadaoin seo caite tá an UDA agus UVF tar éis bagairt go scriosfaidh siad maoin ar bith a mbeidh an chomharthaíocht orthu.
These paramilitary organisations told the Sunday Life newspaper that they would burn down Council vehicles and buildings if Irish was visible on them.
Dúirt na heagrais paramíleatacha sin le nuachtán an Sunday Life go lasfadh siad feithiclí agus foirgnimh de chuid na Comhairle dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil orthu.
Conradh na Gaeilge called on party leaders in Stormont to condemn the threat.
D'iarr Conradh na Gaeilge ar cheannairí na bpáirtithe i Stormont an bhagairt a cháineadh.
Irish Language Commissioner The new Irish Language Commissioner will be responsible for implementing the Identity and Language Act.
Coimisinéir na Gaeilge Beidh dualgas ar an Choimisinéir úr Gaeilge an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a chur i bhfeidhm.
Yesterday on the X platform, the person nominated but not appointed to that position, Pól Deeds, said that the threat from the UDA and UVF is a result of the promotion of bigotry in the media - in particular, he said, the BBC.
Inné ar an ardán X dúirt an té atá ainmnithe ach nach bhfuil ceaptha don phost sin, Pól Deeds, gur toradh í an bhagairt ón UDA agus UVF ar chur chun cinn na biogóideachta sna meáin - go háirithe a dúirt sé an BBC.
Paul Deeds said the Executive Office in Stormont had failed to protect its own policy - and UK law - and was failing in its duty of care to the new Commissioner.
Dúirt Pól Deeds gur theip ar Oifig an Fheidhmeannais i Stormont a bpolasaí féin - agus dlí na Ríochta Aontaithe - a chosaint agus go bhfuil siad ag teip ina ndualgas cúraim don Choimisinéir úr.
The threats from Loyalists have only been condemned by one Unionist party, the Ulster Unionists (UUP).
Níl na bagairtí ó Dhílseoirí cáinte ach ag pairtí Aondachtach amháin, Aondachtóirí Uladh an UUP.
Their leader Mike Nesbitt said that the Irish language signage needs to be discussed further, and he said that any threat to Council workers should...
Show more...
3 weeks ago
13 minutes 51 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20251005_IRISH__stoirm_amy:_184,000_aitreabh_gan_cumhacht_leictreach
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/26ycdstu

Contact: irishlingos@gmail.com
Storm Amy: 184,000 homes without electrical power.
Stoirm Amy: 184,000 áitreabh gan cumhacht leictreach.
A man was seriously injured in an accident in Co. Donegal today which was caused by severe weather, Gardaí say.
Gortaíodh fear go dona i dtimpiste i gCo Dhún na nGall inniu arbh í an aimsir gharbh ba shiocair leis, a deir na Gardaí.
The accident happened in Letterkenny at around 4.15pm.
Tharla an tionóisc i Leitir Ceanainn ag thart ar 4.15 tráthnóna.
As Storm Amy makes its way across the country, it is reported that approximately 184,000 properties are currently without electrical power.
Agus Stoirm Amy ag déanamh a díchill ar fud na tíre, tuairiscítear go bhfuil thart ar 184,000 áitreabh gan cumhacht leictreach faoi láthair.
Meteorologists have announced seven different weather warnings – from yellow to red – in various parts of the country.
Tá seacht bhfoláireamh éagsúla aimsire fógartha ag na meitéareolaithe – ó bhuí go dearg – in áiteanna éagsúla sa tír.
The most serious of these is the red sea warning that has been issued between 2pm and 8pm this evening from Head of Limerick in Co Clare to Head of Roscommon in Co Donegal to Benmore in Co Antrim.
Is tromchúisí dar ndóigh an foláireamh dearg mara atá fógartha idir 2 a chlog agus 8 a chlog tráthnóna inniu ó Cheann Léime i gCo an Chláir go Ceann Ros Eoghain i gCo Dhún na nGall go dtí an Bhinn Mhór i gCo Aontroma.
In fact, the weather is most severe along the coastline between Galway and Donegal, with winds reaching up to 120 kilometres per hour, although almost every part of the country has received its share of the storm.
Go deimhin, is feadh an imeallbhoird idir Gaillimh agus Dún na nGall is gairbhe atá an aimsir, mar a bhfuil suas le 120 ciliméadar san uair faoin ngaoth, siúd is go bhfuil mórán gach áit sa tíre tar éis a cion féin den tuargaint a fháil.
Met Éireann says the wind gusts are above average and are likely to cause power outages in more places, down trees and cause sea waves to hit shores.
Deir Met Éireann go bhfuil neart os meán sa stangadh gaoithe agus gur dóichí go ngearrfar an chumhacht i dtuilleadh áiteanna, go leagfar crainn agus go dtonnfaidh an fharraige isteach ar chladaí dá bhíthin.
Since the timely announcement, people in the most remote places have been protecting themselves since yesterday against what is inevitable.
Ó tugadh fógra go tráthúil, tá daoine in áiteanna is sceirdiúla á ndíonadh féin ó inné ar an rud nach bhfuil inseachanta.
For example, sandbags have been pressed tightly against doorways in Donegal and Sligo to prevent water from leaking into homes and shops, especially in areas where the public has bought in.
Cuir i gcás, tá málaí gainimh brúite isteach go dlúth le doirse i nDún na nGall agus i Sligeach ar fhaitíos go sceithfeadh uisce isteach i dtithe agus i siopaí, go háirithe i gceantair a bhfuil ciall cheannaithe ag an bpobal.
People are also being urged to use common sense and stay home rather than risking danger and defying the quarantine without good reason.
Táthar ag achainí ar dhaoine gnáthchiall a bheith acu freisin agus fanacht sa bhaile seachas dul i nguais agus dúshlán na síne a thabhairt gan údar maith.
People must be alert to downed power lines, says the Electricity Supply Board, and not touch or touch them.
Ní mór do dhaoine a bheith san airdeall ar shreanga cumhachta atá tite, a deir Bord Soláthair an Leictreachais, agus gan drannadh leo ná lámh a leagan orthu.
The company says its technicians are trained and on standby to carry out repair work as soon as possible, if necessary.
Deir an comhlacht go bhfuil a gcuid teicneoirí innealta agus ar fuireachas le...
Show more...
4 weeks ago
11 minutes 43 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250928_IRISH__toghchan_uachtaranachta:_triur_iarrthoiri_ar_shli_an_atlantaigh
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/277epztj

Contact: irishlingos@gmail.com
Presidential Election: three candidates on the Atlantic path.
Toghchán Uachtaránachta: triúr iarrthóirí ar shlí an Atlantaigh.
The three candidates in the Presidential election are canvassing in Co. Donegal and Co. Kerry today.
Ta an triúr iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag canbhasáil i gCo Dhún na nGall agus i gCo Chiarraí inniu.
Left-wing candidate Catherine Connolly will be in Donegal town, Killybegs, Clifden and Ardara.
Iarrthóir na heite clé Catherine Connolly, beidh sí i mbaile Dhún na nGall, sna Cealla Beaga, sa Chlochán Liath agus in Ard an Rátha.
Since Sinn Féin is supporting Catherine Connolly, that party's finance spokesman, Pearse Doherty from Gaoth Dobhair, is canvassing alongside her today.
Ó tá Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly, tá urlabhraí airgeadais an pháirtí sin, Pearse Doherty as Gaoth Dobhair, ag canbhasáil in éindí léi inniu.
Kerry is home to both Fine Gael candidate Heather Humphreys and Fianna Fáil candidate Jim Gavin.
I gCiarraí atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys agus iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin araon.
They may run into each other as they are both due to go to the Listowel Races this afternoon.
D'fhéadfadh sé go gcasfaí ar a chéile iad ó tá an bheirt acu le dul chuig Rásaí Lios Tuathail tráthnóna.
The two were interviewed from various locations on Radio Kerry this morning.
Cuireadh an bheirt faoi agallamh ó áiteanna éagsúla ar Radio Kerry ar maidin.
Jim Gavin is in Tralee, where he will be giving a tour of the Tralee Bay Wetland Ecopark.
Tá Jim Gavin i dTrá Lí, áit a dtabharfaidh sé sciuird ar Éiceapháirc Bhogach Bhá Thrá Lí.
Heather Humphreys went on a short cart ride in Killarney, she is due to be in Muckross House soon and will also visit the Tralee Women's Hut.
Chuaigh Heather Humphreys ar thuras gairid i gcairt i gCill Airne, tá sí le bheith i dTeach Mhucrois ar ball agus tabharfaidh sí cuairt freisin ar Bhothán Ban Thrá Lí.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
1 month ago
6 minutes 21 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250927_IRISH__16,353_duine_gan_didean_i_mi_lunasa
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/29jesk8l

Contact: irishlingos@gmail.com
16,353 homeless people in August.
16,353 duine gan dídean i mí Lúnasa.
The latest figures from the Department of Housing show that 16,353 people were homeless or living in emergency accommodation in the State last month.
Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta go raibh 16,353 duine gan dídean nó ag cur fúthu i lóistín éigeandála sa Stát an mhí seo caite.
This is an increase of 295 on the number of people who were homeless in July.
Méadú de 295 is ea é sin ar an líon daoine a bhí gan dídean i mí Iúil.
The number of children living in emergency accommodation in August included 5,145, the highest number ever recorded.
Áírítear 5,145 leanbh ar na daoine a bhí ina gcónaí i lóistín éigeandála i mí Lúnasa, an líon is mó leanaí a taifeadadh riamh.
Commenting on the new figures, Seán Moynihan from the elderly charity Alone said that the number of people over 65 who rented a home had increased by 83% between the last two censuses.
Ag trácht dó ar na figiúirí nua, dúirt Seán Moynihan ón gcarthanas do dhaoine aosta Alone gur tháinig méadú de 83 faoin gcéad idir an dá dhaonáireamh dheireanacha ar an líon daoine os cionn 65 bliain d'aois a raibh áras cónaithe ar cíos acu.
The situation must have gotten worse, he said, since there are so many people in their fifties and forties who currently don't have a home of their own.
Ní foláir nó gur i ndonas a rachas an scéal, arsa sé, ó tá an oiread sin daoine atá sna caogaidí agus sna daichidí faoi láthair nach bhfuil áras cónaithe dá gcuid féin acu.
According to the Munster, 25% of the houses to be built by the State should be made available for older people to get ahead of the problem.
Dar leis an Muimhneachánach gur cheart 25 faoin gcéad de na tithe atá le tógáil ag an Stát a chur ar fáil do dhaoine aosta le teacht roimh an bhfadhb.
He was talking about the commitment in the Government Programme to build over 300,000 homes between now and the end of 2030.
Ag caint a bhí sé ar an ngealltanas atá i gClár an Rialtais barr ar 300,000 áras cónaithe a thógáil as seo go deireadh 2030.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
1 month ago
7 minutes 37 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250921_IRISH__na_milte_pairteach_inniu_i_mor-agoid,_cearta,_ar_son_na_teanga
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/284tlwcd

Contact: irishlingos@gmail.com
Thousands participate today in a major protest, RIGHTS, for the language.
Na mílte páirteach inniu i mór-agóid, CEARTA, ar son na teanga.
Thousands took part today in a major national protest on behalf of the Irish language and the Gaeltacht.
Ghlac na mílte páirt inniu i mór-agóid náisiunta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.
The protest was called RIGHTS, and people came from all over the country to attend.
CEARTA ab ainm don agóid, agus tháinig daoine ó gach cearn den tír le freastal uirthi.
The crowds marched from Parnell Square to Leinster House.
Mhairseáil na sluaite ó Chearnóg Parnell go dtí Teach Laighean.
Irish and Gaeltacht groups participated, along with schools, third level students, co-operative teachers, musicians and families.
Bhí grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta páirteach ann, mar aon le scoileanna, mic léinn triú leibhéil, múinteoirí comharchumainn, ceoltóirí agus teaghlaigh.
CEARTA was the first such national protest on behalf of the Irish language and the Gaeltacht in over a decade.
Bhí CEARTA ar an gcéad agóid náisiúnta dá leithéid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta le breis agus deich mbliana anuas.
Among their demands, they are seeking fair funding, the right to live in the Gaeltacht, reform of the education system, and the fulfillment of long-promised language rights, Conradh na Gaeilge said today.
I measc na n- éileamh atá acu, tá siad ag lorg maoiniú cothrom, an ceart chun cónaí sa Ghaeltacht, athchóiriú ar an gcóras oideachais, agus comhlíonadh cearta teanga a gealladh le fada, a dúirt Conradh na Gaeilge inniu.
In a statement issued by the Department of Rural, Community and Gaeltacht Development today, Minister Dara Calleary said that he is currently focusing on securing more funding for the language and the Gaeltacht in Budget 2026.
I ráiteas a chuir an Roinn Forbartha Tuaithe 's Pobail agus Gaeltachta ar fáil inniu, dúirt an tAire Dara Calleary go bhfuil sé ag díriú faoi láthair ar níos mó maoinithe a fháil don teanga agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2026.
He also indicated that investment in the language has increased over the past five years.
Thug sé le fios freisin go bhfuil ardú tagtha ar infheistíocht sa teanga le cúig bliana anuas.
"It's true that we have more funding now."
"Tá sé fíor go bhfuil nios mó maoinithe againn anois.
"But that is true for every sector," said Julian de Spáinn, Secretary General of Conradh na Gaeilge at the protest today.
Ach tá an méid sin fíor i gcás gach earnála" a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag an agóid inniu.
"It's easy to have 'more' when the starting point is so low at first."
"Tá sé furasta ‘níos mó' a bheith agat nuair atá an túsphointe chomh híseal ar dtús.
The government spends only 0.1% of state expenditure on Irish and Gaeltacht matters.
Ní chaitheann an rialtas ach 0.1 faoin gcéad de chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
"That is scandalous and there is no other option now than to radically increase funding."
Tá sé sin scanallach agus agus níl aon rogha eile anois seachas ardú radacach a dhéanamh ar an maoiniú."
The protest also focused on language rights in the north.
Díríodh freisin le linn na hagóide ar chearta teanga ó thuaidh.
An Dream Dearg is a pressure group for the language in Northern Ireland.
Is brúghrúpa ar son na teanga i dTuaisceart Éireann é An Dream Dearg.
A spokesman for that group, Ciarán Mac Giolla Bhéin - who is also the current President of Conradh na Gaeilge - said that despite the Identity and Language Act being in force in the north for the past few years,
Show more...
1 month ago
18 minutes 3 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250917_IRISH__tus_leis_an_gcomortas_treabhdoireachta_i_gco_uibh_fhaili
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/ymdr2wny

Contact: irishlingos@gmail.com
The Ploughing Competition begins in Co. Offaly.
Tús leis an gComórtas Treabhdóireachta i gCo Uíbh Fhailí.
The National Ploughing Championships began today in Scraggan in Co Offaly, the largest open-air gathering in Europe which is expected to be attended by 300,000 people over the next three days.
Cuireadh tús inniu leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta sa Screagán i gCo Uíbh Fhailí, an tóstal faoin aer is mó san Eoraip a meastar go bhfreastalóidh 300,000 duine air as seo go ceann trí lá.
The event was officially opened by the President of Ireland, Michael D Higgins, the last time he will hold that position as he is due to step down from office this year.
Is é Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins a chuir tús oifigiúil leis an ócáid, an uair dheiridh a bheas an cúram sin air agus é le n-éirí as oifig i mbliana.
Competitions, exhibitions, selling, buying, aerating and baccarat will take place at the major fair in the midlands that farmers flock to every year.
Comórtais, taispeántais, díol, ceannach, aeraíocht agus bachram a bheas ar siúl ag an móraonach i lár tíre a mbíonn feirmeoirí ag triall air ina dtáinte gach uile bhliain.
In addition to the fun, there will also be the seriousness and the future of the agricultural sector to be sifted by farmers and their representatives in light of the latest international trade agreements, in particular the Mercosur agreement.
Chomh maith leis an súgradh, beidh an dáiríre ann freisin agus a bhfuil i ndán don earnáil talmhaíochta le criathrú ag feirmeoirí agus a n- ionadaithe i bhfianaise na socruithe trádála idirnáisiúnta is deireanaí, go háirithe comhaontú Mercosur.
Farmers believe that this agreement could be very damaging to the beef and poultry sector in Ireland.
Creideann feirmeoirí go bhféadfadh an comhaontú sin an-dochar a dhéanamh don earnáil mairteola agus éineola in Éirinn.
Farmers are also concerned that their specific arrangement regarding the amount of nitrates they apply to their land will soon be ended.
Tá imní ar fheirmeoirí freisin go gcuirfear deireadh go luath leis an socrú faoi leith atá acu maidir leis an méid níotráití a chuireann siad ar a gcuid talaimh.
The European Union is asking them to apply less nitrates to the land in the future for environmental reasons, but the farmers claim that the proposed reduction is not necessary given the high water quality in this country.
Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh orthu níos lú níotráití a chur ar an talamh feasta de ghrá an chomhshaoil, ach maíonn na feirmeoirí nach bhfuil gá leis an laghdú atá molta agus caighdeán an uisce sa tír seo chomh hard anois.
In addition to President Higgins, the people who are seeking to replace him will also be attending the fair in Scregán at various times this week.
Chomh maith leis an Uachtarán Higgins, na daoine atá ag iarraidh teacht ina áit, tabharfaidh siad féin sciuird ar an aonach sa Screagán ag tráthanna éagsúla an tseachtain seo.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
1 month ago
8 minutes 56 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250913_IRISH__priomhaire_chatar_le_bualadh_le_hoifigigh_shinsearacha_mheiricea
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2dj5v2tk

Contact: irishlingos@gmail.com
Qatari Prime Minister to meet with senior American officials.
Príomhaire Chatar le bualadh le hoifigigh shinsearacha Mheiriceá.
The Qatari prime minister is to meet with senior American officials.
Tá príomhaire Chatar le bualadh le hoifigigh shinsearacha Mheiriceá.
It is expected that the Israeli attack on Hamas leaders in Doha will be discussed during the meeting.
Tá súil go bpléifear ionsaí Iosrael ar cheannairí Hamas in Doha le linn an chruinnithe.
It is also hoped that they will talk to each other about the progress that has been made in achieving a ceasefire.
Tá súil freisin go labhróidh siad lena chéile faoin dul chun cinn atá déanta ó thaobh sos cogaidh a bhaint amach.
Following the meeting with senior officials, Qatari Prime Minister Sheikh Mohammed bin Abdulrahman al-Thani will meet with US Secretary of State Marco Rubio at the White House in Washington, the US State Department confirmed today.
Tar éis an chruinnithe leis na hoifigigh shinsearacha, buailfidh Príomhaire Chatar, an Síc Mohammed bin Abdulrahman al- Thani, le Stát-Rúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, sa Teach Bán in Washington, a dheimhnigh an Roinn Stáit i Meiriceá inniu.
It was also reported in the media today that the Qatari Prime Minister is expected to meet with US President Donald Trump, Vice President Vance and the US special envoy, Steve Witkoff.
Tuairiscíodh sna meáin inniu freisin go bhfuiltear ag súil go mbualfaidh Príomhaire Chatar le hUachtarán Mheiriceá, Donald Trump, le Leas-Uachtarán Vance agus le toscaire speisialta na Stát Aontaithe, Steve Witkoff, chomh maith.
Israel's attack on Qatar was sharply criticized around the world.
Rinneadh cáineadh géar ar fud an domhain ar ionsaí Iosrael ar Chatar.
Some world leaders and the United Nations said it was a violation of international law and that the raid risks escalating the conflict in the region.
Dúirt ceannairí domhanda áirithe agus na Náisiúin Aontaithe gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bhí ann agus go bhfuil an baol ann go n-éireoidh an t-aighneas sa réigiún níos measa i bhfianaise an ruathair.
The United Nations Security Council published a statement yesterday condemning the attack.
D'fhoilsigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ráiteas inné ar cáineadh an t-ionsaí.
It was a statement signed by all members of the Security Council, including the United States.
Ba ráiteas é a shínigh na baill ar fad den Chomhairle Slándála, na Stáit Aontaithe ina measc.
America and Israel are allies.
Is comhghuaillithe iad Meiriceá agus Iosrael.
Israel was not mentioned in the statement, however.
Níor luadh Iosrael sa ráiteas, áfach.
President Trump says Qatar and America are also allies.
Deir Uachtarán Trump gur comhghuaillithe iad Catar agus Meiriceá freisin.
Show more...
1 month ago
8 minutes 23 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250907_IRISH__16_duine_maraithe_i_dtubaiste_traenach_i_liospoin
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2doh2trn

Contact: irishlingos@gmail.com
16 people killed in train crash in Lisbon.
16 duine maraithe i dtubaiste traenach i Liospóin.
At least sixteen people were killed when a cable car train derailed in the Portuguese capital, Lisbon, yesterday evening.
Maraíodh sé dhuine dhéag ar a laghad nuair a d'imigh traein cháblach de na ráillí i bpríomhchathair na Portaingéile, Liospóin, tráthnóna inné.
21 other people were injured in the disaster.
Gortaíodh 21 duine eile sa tubaiste.
There were foreigners among the dead but it is not yet clear where they came from.
Bhí eachtrannaigh i measc na marbh ach ní sé ráite fós cárbh as iad.
Lisbon is a hilly city and tourists mostly use the light rail to explore its steeper areas.
Cathair chnocach is ea Liospóin agus is turasóirí is mó a bhaineann leas as an iarnród sráide le sciuird a thabhairt ar na ceantair is crochta inti.
The train was coming down from the top when it lost control and continued at full speed until it hit a building turning into the street.
Ag teacht anuas ón ard a bhí an traein nuair a d'imigh sí ó smacht agus lean ar aghaidh faoin lán siúil nó gur bhuail sí foirgneamh ag casadh sa tsráid.
It is believed that the train went out of control when the cable it was pulling broke.
Meastar gur imigh an traein ó smacht nuair a bhris an cábla a bhí á tarraingt.
The Portuguese Government has declared a national day of mourning in honour of the dead today.
Tá lá náisiúnta dóbróin in ómós do na mairbh fógartha inniu ag Rialtas na Portaingéile.
Tánaiste Simon Harris said that the Irish Embassy in Lisbon is ready to provide assistance if needed.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris go bhfuil Ambasáid na hÉireann i Liospóin réidh le cabhair a thabairt má theastaíonn sí.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
1 month ago
5 minutes 43 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250903_IRISH__na_milte_paiste_palaistineach_ina_gconai_i_seomrai_ranga
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/22k3qlm9

Contact: irishlingos@gmail.com
Thousands of Palestinian children living in classrooms.
Na mílte páiste Palaistíneach ina gcónaí i seomraí ranga.
Israeli military forces reportedly killed at least 24 Palestinians, including children, in various locations in Gaza today.
Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael 24 Palaistíneach ar a laghad, páistí ina measc, in áiteanna éagsúla in Gaza inniu.
Their base was killed in Gaza City, where the Israelis are pushing forward with the intention of expelling the entire population from the area.
Ba i gCathair Gaza a maraíodh a mbunáite, mar a bhfuil na hIosraelaigh ag brú chun cinn agus rún acu an pobal ar fad a dhíbirt as an áit.
It seems that the majority of the population will have no choice but to submit to the force, leave their homes, hit the road and seek refuge in the distance.
Is cosúil nach mbeidh aon rogha ag formhór an phobail ach géilleadh don fhorneart, a mbailte a fhágáil, bóthar a bhualadh agus dídean a lorg i gcéin.
However, some people are sick and tired of the constant distraction and are taking a stand.
Mar sin féin, tá roinnt daoine tinn tuirseach den seachrán síoraí agus tá siad ag cur cos i dtaca.
They are not willing to move again, they say, no matter what kind of victimization they are subjected to.
Níl siad sásta bogadh arís eile, a deir siad, is cuma cén sórt íospartha a thabharfar dóibh.
Instead of learning, as is customary for schoolchildren around the world at this time of year, over a thousand Palestinian children are living by day and sleeping by night in classrooms in Gaza, their only shelter from the missiles.
Seachas a bheith ag foghlaim, mar is dual do dhaltaí scoile ar fud an domhain an tráth seo bliana, tá breis agus na mílte páiste Palaistíneach ina gcónaí de ló agus ina gcodladh d'oíche i seomraí ranga in Gaza, an t-aon díon atá acu ar na diúracáin.
For the third year in a row, these children's education has been disrupted while every aspect of life in Gaza is going from bad to worse.
Den tríú bliain as a chéile, tá oideachas na bpáistí sin curtha ar ceal agus gach gné den saol in Gaza ag dul ó mhaoil go mullach.
It's not all brutality and compassionate people from outside are doing their best to come to the aid of the people of Gaza.
Ní brúidiúlacht ar fad é agus tá daoine trócaireacha ón taobh amuigh ag déanamh a seacht ndícheall teacht i gcabhair ar mhuintir Ghaza.
A humanitarian flotilla, twenty boats filled to the brim with relief supplies, are on their way to Gaza and they should be.
Loingeas daonnúil, dhá scór bád lán go boimbéal le soláthairti fóirithinte, tá siad ar a mbealach go Gaza agus an chóir leo.
But what are the chances of them reaching port, especially when such capable vessels as these have already been defeated by the Israelis! RTÉ News and Current Affairs
Ach cén seans go mbainfidh siad port amach, go háirithe agus soithí fónta mar iad ruaigthe cheana ag na Iosraelaigh! Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
2 months ago
8 minutes 54 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250820_IRISH__seirbhisi_luas_ar_fionrai_de_bharr_doiteain
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/22w8p9ut

Contact: irishlingos@gmail.com
Luas services suspended due to fire.
Seirbhísí Luas ar fionraí de bharr dóiteáin.
Luas services between Connolly Station and Ring Depot in Dublin were suspended this morning due to a fire that damaged a bridge on the Red Line.
Cuireadh ar fionraí ar maidin inniu seirbhísí Luas idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Iosta na Rinne i mBaile Átha Cliath mar gheall ar dhóiteán a rinne damáiste do dhroichead ar an Líne Dhearg.
The fire, which has since been extinguished by Dublin Fire Brigade, started on George's Dock Bridge shortly after 6pm yesterday evening.
Is ar Dhroichead Dhuga Sheoirse go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné a thosaigh an dóiteán atá múchta ó shin ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.
The electricity cables and gas main underneath the bridge caught fire.
Chuaigh trí thine na cáblaí leictreachais agus an príomhlíonra gáis thíos faoin droichead.
Gas Networks Ireland says its staff assisted the Fire Brigade in tackling the fire but the company says the cause is not yet known.
Deir Líonraí Gáis Éireann gur chabhraigh foireann dá gcuid leis an mBriogáid Dóiteáin dul i ngleic leis an dóiteán ach deir an comhlacht nach fios fós cad ba chúis leis.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
2 months ago
4 minutes 4 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250816_IRISH__trump,_putin_le_teacht_le_cheile_in_alasca_trathnona
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/29fssnck

Contact: irishlingos@gmail.com
Trump, Putin to meet in Alaska this evening.
Trump, Putin le teacht le chéile in Alasca tráthnóna.
A summit in Alaska between US President Donald Trump and Russian President Vladimir Putin on ending the war in Ukraine will begin at approximately 8 p.m. Irish time.
Is ag thart ar 8 a chlog tráthnóna, am na hÉireann, a chuirfear tús le cruinniú mullaigh in Alasca idir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin maidir le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
The meeting will take place at a military base in Anchorage, and will likely only involve the two leaders and two interpreters.
I mbunáit mhíleata in Anchorage a bheas an cruinniú ar siúl, ar cosúil nach mbeidh páirteach ann ach an bheirt cheannairí agus beirt ateangairí a chéile.
Trump is eager to get to the bottom of things and make an agreement, especially since he has previously claimed that he would end the war as soon as he returns to power.
Tá Trump ar bior le dul go bunsprioc agus comhaontú a dhéanamh, go háirithe ó mhaígh sé cheana go gcuirfeadh sé deireadh leis an gcogadh a luaithe a thiocfadh sé i gcumhacht arís.
He admitted yesterday, however, that the knot is not ready to be untied and it must have been realized to him just in time that the one who is selfish for the sake of the good often gets the worst.
D'admhaigh sé inné, áfach, nach réidh í an tsnaidhm le scaoileadh agus ní foláir nó gur taibhríodh dó díreach in am gurb é an díogha is minice a fhaigheann an té a bhíonn saintiúil chun an togha.
While Trump is impatient and assertive, however, he has given up on Putin for being careless and manipulative, and the Russian appears to be less inclined to make a deal.
Siúd is go bhfuil Trump mífhoighneach agus bundúnach, áfach, tá sé tugtha suas do Putin go bhfuil sé cáiréiseach agus dúnárasach agus dealraítear nach bhfuil an oiread fómhair ar fhear na Rúise comhaontú a dhéanamh.
However, Trump has indicated that the meeting this evening will – from his perspective – only be a matter of de-escalation.
Ar a shon sin, tá sé tugtha le fios ag Trump nach mbeidh sa chruinniú tráthnóna – óna thaobh féin de – ach an ceann a bhaint den scéal.
If the conversation between him and Putin had a positive outcome, he said, he would like to organize another summit soon, which would include Ukrainian President Volodymyr Zelensky.
Dá mbeadh dea-thoradh ar an gcomhrá idir é agus Putin, arsa sé, ba mhian leis cruinniú mullaigh eile a eagrú gan mhoill a mbeadh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky páirteach ann.
In light of this, he imagines that Zelensky and European Union leaders are now more optimistic than before that Trump will not yield too much to Putin.
Ina fhianaise sin, samhlaíonn sé go bhfuil Zelensky agus ceannairí an Aontais Eorpaigh níos dóchasaí anois ná mar a bhí roimhe seo nach ngéillfidh Trump barraíocht do Putin.
In fact, Zelensky said he believes Trump accepts that the security of Ukraine and the security of Europe as a whole must be protected in any peace agreement with Russia.
Go deimhin, dúirt Zelensky go gcreideann sé go nglacann Trump leis go gcaithfí slándáil na hÚcráine agus slándáil na hEorpa trí chéile a chosaint in aon chomhaontú síochána a dhéanfaí leis an Rúis.
A sensitive issue, however, and one that goes to the heart of the matter, is the land in Ukraine that the Russians have seized and which they have sworn to keep.
Ceist íogair i gcónaí, ámh, agus a théann go smior an scéil, is ea an talamh san Úcráin atá gafa ag na Rúisigh agus a bhfuil siad mionnaithe é a choinneáil.
RTÉ News and Current Affairs
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show more...
2 months ago
10 minutes 52 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250812_IRISH__la_india_in_aras_farmleigh_ar_ceal_ar_chuinsi_sabhailteachta
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/24xz37ng

Contact: irishlingos@gmail.com
India Day at Farmleigh House cancelled due to safety concerns.
Lá India in Áras Farmleigh ar ceal ar chúinsí sábháilteachta.
The Indian Council of Ireland has announced that there will be no major festival celebrating India's National Day in Farmleigh House in Phoenix Park next Saturday as planned due to safety concerns in light of recent attacks on people of Indian origin.
Tá Comhairle India na hÉireann tar éis fógairt nach mbeidh féile mhór ag ceiliúradh Lá Náisiúnta India in Áras Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce Dé Sathairn seo chugainn mar a bhí beartaithe ar chúinsí sábháilteachta i bhfianaise ionsaithe atá déanta le gairid ar dhaoine de bhunú India.
Speaking in front of Government Houses after a meeting with the Tánaiste, Council chairman Prashant Shuki said "it is not currently appropriate to celebrate the national holiday, and we will review in the future to arrive at a new date for India Day."
Ag labhairt dó os comhair Thithe an Rialtais tar éis chruinniú a bheith aige leis an Tánaiste dúirt cathaoirleach na Comhairle Prashant Shuki "nach bhfuil sé fabhrach faoi láthair an fhéile náisiúnta a cheiliúradh, agus beidh athbhreithniú againn amach anseo le theacht ar dháta nua do Lá India."
Mr Shuki said they had consulted extensively, with the Gardaí and others, and said it was a difficult decision.
Dúirt an tUasal Shuki go raibh caidreamh déanta go forleathan acu, leis na Gardaí agus le dreamanna eile, agus dúirt sé gur cinneadh deacair a bhí ann.
He said they had been advised that there was no cause for concern about the events planned in Phoenix Park but "we were concerned about the celebration of the festival in other parts of the country."
Dúirt sé go raibh comhairle faighte acu nach raibh aon údar imní faoi na himeachtaí a bhí beartaithe i bPáirc an Fhionnuisce ach "bhí imní orainn faoi cheiliúradh na féile i n-áiteacha eile sa tír."
The Council has organized India Day every year since 2015, without any problems they said until this year.
Tá Lá India eagraithe gach bliain ag an gComhairle ó 2015, gan aon fhadhb a dúirt siad go dtí i mbliana.
Another group, the Federation of Indian Communities in Ireland, which also met with Minister Simon Harris, says it will continue as planned with Saturday's festival on Merrion Square in the centre of the capital.
Deir grúpa eile, Cónaidhm na bPobal Indiacha i nÉirinn, a raibh cruinniú freisin acu leis an Aire Simon Harris go mbeidh siad féin ag leanacht mar a bhí beartaithe le féile Dé Sathairn ar Chearnóg Mhuirfean i lár na príomhcathrach.
Last week, Colm Brophy, the Minister of State with Responsibility for Immigration, called for greater and stronger action from the Gardaí, and the newly appointed Garda Commissioner, following a series of attacks on people of Indian origin.
An tseachtain seo caite a d'iarr Colm Brophy, an tAire Stáit ar a bhfuil Freagracht faoin Imirce, gníomh níos mó agus níos láidre óna Gardaí, agus ón gCoimisinéir nua- cheaptha ar na Gardaí, tar éis sraith ionsaithe a bhí déanta ar dhaoine de bhunú India.
This was after the Indian Embassy in Dublin issued a warning to Indian citizens living and working in Ireland.
Ba shin tar éis d'Ambasáid India i mBaile Átha Cliath foláireamh a chur amach ag saoránaigh de chuid India atá ina gcónaí agus ag obair i nÉirinn.
More than 100 people from that country originally participated in a silent protest at the Department of Justice last month.
Ghlac breis is 100 duine as an tír sin ó dhúchas páirt in agóid chiúin ag an Roinn Dlí agus Cirt an mhí seo caite.
The Catholic Archbishop of Dublin, Dermot Farrell, said he was deeply saddened by the attacks and said he understood that people from India ...
Show more...
2 months ago
14 minutes 53 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250810_IRISH__iosrael_cainte_go_laidir_faoina_phlean_is_deireanai_i_gaza
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/28cpwcsz

Contact: irishlingos@gmail.com
Israel has been strongly criticized for its latest plan in Gaza.
Iosrael cáinte go láidir faoina phlean is deireanaí i Gaza.
The Israeli government's intention to seize complete control of Gaza city has been condemned internationally.
Tá an rún atá ag Rialtas Iosrael forlámhas iomlán a ghabháil ar chathair Gaza cáinte go hidirnáisiúnta.
'It is only an expansion of the war and there is a great risk that millions of Palestinians will suffer as a result'.
'Níl ann ach leathnú ar an gcogaíocht agus tá an baol mór ann go mbeidh na milliúin Pailistíneach thíos leis'.
That is what United Nations Secretary-General António Guterres has said as well as other international leaders since this morning.
Sin atá ráite ag Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres chomh maith le ceannairí idirnáisiúnta eile ó mhaidin.
Recently, France, Canada and Iran have been condemning what Israel is now planning in Gaza.
Le deireanaí, tá an Fhrainc,Ceanada agus an Iaráin ag cáineadh a bhfuil á bheartú anois ag Iosrael i Gaza.
Among the critics this morning were the United Kingdom, Jordan and China.
I measc lucht an cháinte ar maidin bhí an Ríocht Aontaithe,an Iordáin agus an tSín.
The United Nations says Israel's decision violates international law and violates the ruling of the International Criminal Court.
Deir na Náisiúin Aontaithe gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta atá ar bun ag Iosrael maidir leis an gcinneadh agus go sáraíonnn sé an rialú ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.
An emergency meeting of the organization's Security Council is scheduled to be held tomorrow in New York.
Tá cruinniú éigeandála de chuid Chomhairle Slándála na heagraíochta sin le tionól amárach i Nua Eabhrac.
All member states except the United States and Panama requested such a meeting.
D'iarr na ballstáit uilig seachas na Stáit Aontaithe agus Panama a léithid de chruinniú.
European Commission President Ursula von der Leyen is calling on Israel to review this policy.
Tá Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh,Ursula von der Leyen ag iarraidh ar Iosrael athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí seo.
The Palestinian Ambassador to the United Nations, Riyad Mansour, has expressed his gratitude to all world leaders who are standing with the people of Gaza in this crisis.
Tá a bhuíochas gafa ag Ambasadóir na bPailistíneach chun na Náisiúin Aontaithe,Riyad Mansour leis na ceannairí domhanda ar fad atá ag seasamh le pobal Gaza sa ghéarchéim seo.
Israeli Defense Minister Israel Katz, however, has not accepted any of this international criticism, although neither the army chief of staff nor the leader of the opposition in Israel are overly impressed with the military occupation of Gaza.
Níl aon ghlacadh ag Aire Cosanta Iosrael,Israel Katz áfach le haon chuid den cháineadh idirnáisiúnta seo, cé nach ró-thógtha atá ceann foirne an airm ná ceannaire an fhreasúra in Iosrael leis an seilbh mhíleata ar Gaza ach oiread.
Israel's aim is now to gain full military control of Gaza according to this new plan, which has received the blessing of the Israeli Security Government.
Ceannas iomlán míleata a fháil ar Gaza aidhm Iosrael anois de réir an phlean nua seo a bhfuil beannacht faighte aige ó Rialtas Slándála Iosrael.
That will initially focus on Gaza city.
Díreoidh sin ar dtús ar chathair Gaza.
The aim is to disarm Hamas militants, free all remaining hostages, demilitarize Gaza and gain full control of the strip.
Tá sé i gceist treallchogaithe Hamas a dhíarmáil, na gialla ar fad atá fós beo a shaoradh,dímhíleatú a dhéanamh ar Gaza agus smacht iomlán a fháil ar an stráice.
Show more...
2 months ago
17 minutes 17 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250802_IRISH__nikita_hand_leis_an_dli_a_chur_in_athuair_ar_mcgregor
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/227vsjrl

Contact: irishlingos@gmail.com
Nikita Hand to re-apply the law to McGregor.
Nikita Hand leis an dlí a chur in athuair ar McGregor.
Nikita Hand is set to take legal action against former MMA fighter Conor McGregor.
Tá Nikita Hand leis an dlí a chur in athuair ar an iar-dhornálaí MMA,Conor McGregor.
His lawyer has issued a new civil action against McGregor as well as a couple he had intended to use in his appeal before withdrawing the application.
Tá caingean nua shibhialta eisithe ag a dlíodóir i gcoinne McGregor chomh maith le lánúin a raibh sé i gceist aige a úsáid ina achomharc sular tharraing sé siar an t-iarratas.
Nikita Hand claims that the three engaged in malicious abuse of the court process.
Maíonn Nikita Hand go raibh mí-úsáid mhailíseach ar bun ag an triúr i dtaca leis an bpróiseas cúirte.
Conor McGregor had intended to ask Samantha O'Reilly and Steven Cummins to give evidence in the appeal, in the hope that Nikita Hand's evidence regarding the injuries she claims she suffered would be cast doubt on.
Bhí sé i gceist ag Conor McGregor iarraidh ar Samantha O'Reilly agus Steven Cummins fianaise a thabhairt san achomharc, le súil is go gcaithfí amhras ar fhianaise Nikita Hand maidir leis na gortuithe a deir sí a d'fhulaing sí.
He later withdrew that request, although it is still not entirely clear why he did this.
Tharraing sé siar an t-iarratas sin ní ba dheireanaí, cé nach bhfuiltear baileach cinnte go fóill cén fáth a ndearna sé seo.
Nikita Hand claims that all of this shows that McGregor was fabricating blatant lies.
Tá sé maíte ag Nikita Hand go léiríonn seo ar fad gur deargbhréaga a bhí á gcumadh ag McGregor.
McGregor lost yesterday in his appeal against the jury's decision in the High Court that he raped Nikita Hand in December 2018.
Chaill McGregor inné san achomharc a thug sé i gcoinne chinneadh an ghiúiré san Ard Chúirt gur éignigh sé Nikita Hand i Nollaig na bliana 2018.
Show more...
3 months ago
5 minutes 56 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250802_IRISH__uisce_eireann_ag_iarraidh_ar_dhaoine_uisce_a_sparail_i_mbac
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/22hkrkmr

Contact: irishlingos@gmail.com
Irish Water is asking people to save water in Dublin.
Uisce Éireann ag iarraidh ar dhaoine uisce a spáráil i mBÁC.
Irish Water has appealed to people living in the greater Dublin area to be water-efficient over the coming weekend.
Tá achainí déanta ag Uisce Éireann ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa mhórlimistéar thart ar Bhaile Átha Cliath a bheith spárálach leis an uisce i gcaitheamh an deireadh seachtaine romhainn.
That's because maintenance is to be carried out on a pipeline that supplies one-third of the region's water and will be closed from 11 o'clock tonight until Sunday.
Sin mar go bhfuil cothabháil le déanamh ar phíblíne a sholáthraíonn aon trian d'uisce an réigiúin agus go mbeidh sé casta dhe ón 11 a' chlog anocht go dtí an Domhnach.
Irish Water says all treated water reservoirs are almost full but is asking customers in Dublin, Kildare and Wicklow to use only what they need in the coming days.
Deir Uisce Éireann go bhfuil na taiscumair chóirithe uisce ar fad nach mór líonta suas ach iarrann sé ar chustaiméirí i mBaile Átha Cliath,Chill Dara agus Chill Mhantáin gan a úsáid ach an méid is gá doibh sna laethanta romhainn.
Show more...
3 months ago
3 minutes 38 seconds

Learn Irish with daily podcasts
20250730_IRISH__sunamaithe_mora_a_mbagairt_san_aigean_ciuin
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2yrpl99b

Contact: irishlingos@gmail.com
Major tsunamis threatened in the Pacific Ocean.
Súnámaithe móra á mbagairt san Aigéan Ciúin.
It is considered one of the strongest earthquakes ever recorded.
Áirítear é bheith ar cheann de na creathanna talún is láidre a ndearnadh taifead riamh air.
Countries and regions in the North Pacific remain on high alert, including the west coast of the United States.
Tá tíortha agus réigiúin i dtuaisceart an Aigéin Chiúin fós ar a n-airdeall, cósta thiar na Stát Aontaithe san áireamh.
Large tsunami waves have already made landfall in the Kamchatka region of Russia and the American state of Hawaii, 3,000 miles offshore west of California.
Tá tonnta móra súnámaithe cheana féin tar éis briseadh i dtír i réigiún Kamchatka sa Rúis agus i stát Meiriceánach Hawaii, 3,000 míle i bhfarraige siar ó California.
However, it is understood that the worst of this is now over.
Tuigtear áfach go bhfuil an chuid is measa de seo thart anois.
Residents in Hawaii who had been warned have been told that it is now safe for them to return to their homes.
Dúradh le háitritheoirí i Hawaii a raibh fainic curtha orthu, go bhfuil sé sábháilte dóibh anois filleadh ar a dtithe cónaithe.
Nearly 2m people were also warned to leave their homes in Japan.
Bhí rabhadh tugtha freisin do bheagnach 2m duine a dtithe cónaithe a fhágáil sa tSeapáin.
This earthquake off the east coast of Russia had a magnitude of 8.8 on the Richter scale.
8.8 an chumhacht ar an scála richter a bhí ag an gcrith talún seo amach ó chósta thoir na Rúise.
Show more...
3 months ago
4 minutes 59 seconds

Learn Irish with daily podcasts
Learn Irish