Cé acu is measa, an diabhal nó goth baddie stuacach? An tairseach ifrinn atá sa Workman's nó Uaimh na gCat taobh le Ráth Cruachan? San eagrán speisialta seo pléann na buachaillí an fhéile ársa Oíche Shamhna, seanchas na cianaimsire, saol gnéis an Daghda, Seán an Lampa, arm osnádúrtha, diabhlaíocht Donnchadh Ó Curraoin agus conas is féidir le collchnónna do chleamhnas a thairngreacht cois teallaigh!
Céard is conriocht ann agus céard a tharla do na mic tíre a chónaigh fud fad na tíre fadó? San eagrán seo, pléann na buachaillí stair an mhic tíre in Éirinn, finscéal na gconreachta, agus gabhair amaideacha a fhaigheann bás i mbolg an fhaoil!
Amhránaíocht ar an sean-nós, cumhacht mhistiúil na filí, ceol draíochta is mallachtaí, ní féidir a shéanadh go bhfuil ról lárnach ag an bhfocal canta inár bhféiniúlacht mar Ghaeil.
San eagrán seo, suíonnn na stócaigh síos le Saoirse Nic Aogáin chun iniúchadh a dhéanamh ar an gceol álainn corraitheach seo agus níos mó eolais a fháil ar chúlra agus stair an traidisiúin.
Cailleann Cúán a mhaighdeanas 'windeáil' fiú agus í ag casadh cúpla vérsa dúinn ach faraor, nuair a chríonann an tslat is deacair í a lúbadh!
Cé hí an 'Cailleach'? Bean olc dhraíochtúil le scuab, coirce is cat dubh nó bandia ársa a tharraingíonn brat an gheimhridh thar fhód na hÉireann is na hAlban? San eagrán seo, déanann na buachaillí iniúchadh ar íomhá na seanmhná seargtha seo agus an iomaí slite a fhítear í trí bhéaloideas na hÉireann.
Clog Phádraig, purgatóir Phádraig, ollphéisteanna agus ól - san eagrán seo, luann na buachaillí na sonraí faoin mboc mór b'fhéidir nár chuala tú trácht orthu go dtí seo! Lá 'le Pádraig sona oraibh go léir!
Is meisciúil an deoch é agus tuigimid uile go bhfuil sé deas le n-ól, ach cén cúlra atá ag an deoch sheoigh seo? Fiosraíonn na leaids stair an phoitín, conas a dhéanfá bairille dhuit fhéin, an ‘scailtín’, an chéad ghearrscannán i nGaeilge agus insíonn siad cúpla seanscéal ó chartlann dúchas.ie
San eagrán seo, tosaíonn na stócaigh a gcuid fiosrúchán ar Dlíthe na mBreithiúna, an tábhacht a bhain le beacha fadó, lá le Gobnait, agus an dóigh is fearr do sheachtain a caitheamh mar Rí.
In eagrán a cúig déanann na buachaillí plé ar scéal Lí Ban, maighdeán mhara naofa a luaitear in annálacha na hÉireann. Tugann an scéal ar chamchuairt iad a chuimsíonn an réiteach ar mheabharshláinte na bhfear, an uair a bhuail Cúán leis an bPápa, gnéasúlacht Fearghus Mac Roich agus i bhfad níos mó...
Buail isteach ag teach an dúchais d'oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chian Mhic Choisteala agus Chúáin de Búrca.
San eagrán seo, déanann Cian agus Cúán roinnt plé ar chúrsaí báis na tíre fadó, an tslí a dtugtaí aghaidh ar an mbás tráth, comharthaí báis, nósanna tórraimh agus an chaoi a gcabhraíonn na deasghnácha seo le daoine dul i ngleic le brón.
San eagrán seo, pléann na buachaillí finscéal ‘Abhartach’, vaimpír ó mhioteolas na hÉireann, tábhacht taighde a dhéanamh, litríocht ghotach na tíre agus cóisírí gnéis leispiach vaimpiríeach.
San eagrán seo, suíonn na leaids síos le Seosamh Mac Seoin chun oileán mistéireach taibhsiúil darbh ainm 'Hy-Brasil' a phlé. In ainneoin na gcéadta turas taiscéalaíochta gan rath ar thóir an oileáin i gcaitheamh na mblianta, bhí sé le feiceáil ar léarscáileanna na hÉireann go rialta go dtí 1873. N'fheadar ar shlog an t-Atlantach é, nó an bhfuil an scéal seo níos casta ná mar a cheapfá? Pléann na buachaillí an t-oileán i gcómhthéacs na cailiúna cultúir agus thábhacht an chreidimh.
Sa chéad eagrán de ‘Dúchas’, pléann na leaids an Bhean Sí, an lúcháir a bhaineann le bó a dhíoladh ag an aonach, agus an fáth nach ceart bleid a bhualadh ar chailíní i láthair chaitheamh tabaic an Workman’s Club.