
Tá ról ríthábhachtach ag tuismitheoirí i bhfoghlaim a bpáiste. Sa chlár seo, labhraíonn Éilis Mhic Caisín (Tuismitheoir) agus Antóin Ó Cléirigh (Príomhoide) faoin gcaoi a spreagann an curaclam comhpháirtíocht idir tuismitheoirí agus scoileanna chun forbairt iomlánaíoch páistí a chothú. Leagann siad béim ar thábhacht an phobail, caidrimh dhearfacha agus cumarsáide oscailte chun tacú leis an teagasc, leis an bhfoghlaim agus le riachtanais aonair. Pléann siad freisin conas is féidir le tuismitheoirí an fhoghlaim a threisiú sa bhaile trí dhearcthaí dearfacha agus fiosracht a chothú.
Tá Podchraoladh Bunscoile CNCM ar fáil ar ár suíomh gréasáin, Spotify, Apple Podcasts, agus ardáin óstála podchraolta eile. Glac páirt sa chomhrá ar na meáin shóisialta ag úsáid an haischlib #nccapod
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhorbairtí curaclaim sa bhunscoil, tabhair cuairt ar ncca.ie/primary
Lean muid ar na meáin shóisialta:
Facebook: @nccaireland
Instagram: ncca_irl
LinkedIn: NCCAie
X: @nccaie