
Ar an gclár seo, pléann Gráinne Ní Ghriallais (Múinteoir Ranga) agus Tríona Nic Fhinn (Oifigeach ETIM) Curaclam Matamaitice na Bunscoile (2023). Labhraíonn siad faoi na chéad chéimeanna atá tógtha acu le dul i ngleic leis an gcuraclam athfhorbartha seo agus faoina dtaithí leis go dtí seo. Éist leo agus iad ag plé faoi na nithe a d’éirigh go maith dóibh, i dteannta leis na dúshláin bhreise a bhíonn ann uaireanta sa chomhthéacs Gaeilge.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhorbairtí curaclaim na bunscoile tabhair cuairt ar ncca.ie/primary
Lean orainn ar na meáin shóisialta:
Facebook: @nccaireland
Instagram: ncca_irl
LinkedIn: NCCAie
X: @nccaie