Home
Categories
EXPLORE
True Crime
Comedy
Business
Society & Culture
History
Sports
Health & Fitness
About Us
Contact Us
Copyright
© 2024 PodJoint
00:00 / 00:00
Sign in

or

Don't have an account?
Sign up
Forgot password
https://is1-ssl.mzstatic.com/image/thumb/Podcasts116/v4/a9/93/ce/a993ced1-1e1c-9b85-f914-1c10fdb2167f/mza_13193558724668584461.jpeg/600x600bb.jpg
Nóisin
Raidió Rí-Rá
22 episodes
4 days ago
Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cían Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn! Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo!
Show more...
Language Learning
Education
RSS
All content for Nóisin is the property of Raidió Rí-Rá and is served directly from their servers with no modification, redirects, or rehosting. The podcast is not affiliated with or endorsed by Podjoint in any way.
Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cían Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn! Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo!
Show more...
Language Learning
Education
https://d3t3ozftmdmh3i.cloudfront.net/staging/podcast_uploaded_nologo/39142878/4626c05c22df5982.jpeg
#18 'Barbaí na Gaeilge' le Laura Pakenham
Nóisin
51 minutes 51 seconds
1 year ago
#18 'Barbaí na Gaeilge' le Laura Pakenham

Bhuel a chairde Gael, cén chaoi a bhfuil cúrsaí libh na laethanta seo? San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againn fearadh na fáilte a chur roimh an laoch suáilceach í féin, Laura Pakenham.

Le linn an agallaimh seo, tugann Laura léargas dúinn ar an méid atá idir láimhe aici mar intéirneach le TG4 Foghlaim agus an sproic s'acu chun tacaíocht is áiseanna foghlama do mhúinteoirí, scoláirí is foghlaimeoirí a chur ar fáil ar líne. Labhraímid faoi na tograí nua atá aici féin fosta, chun pobal d'fhoghlaimeoirí na teanga a bhunú ar na meáin shóisialta.

Mar mhúinteoir, ní féidir a shéanadh go bhfuil dúil thréan aici sa léann agus í ag iarraidh feasacht teanga a spreagadh, ionas go mbainfidh Gaeilgeoirí úra níos mó tairbhe agus sult as foghlaim na teanga!

Chomh maith leis sin, insíonn sí dúinn cén fáth ar bheartaigh sí a scrúdú tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge agus a heispéireas spéisiúil ar an gclár iomráiteach Grá ar an Trá anuraidh.

Mar is gnách, é seo agus níos mó!

Idir an dá linn, leannaigí @laurajpakenham agus @tg4foghlaim ar Instagram/TikTok agus déanaigí cinnte https://foghlaim.tg4.ie/ a sheicéal amach chun níos mó eolais a fháil faoi na hacmhainní uilig atá ar fáil ann.

Bígí linn :)