
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí ceannais peile na hÉireann agus ar chluiche ceannais Chorn Tailteann.
An bhfuil sé i ndán dúinn gurb iad na Ciarraígh in aghaidh na gConallach a bheidh againn i gcluiche ceannais na hÉireann nó an bhféadfadh Tír Eoghain nó contae na Mí tuisle a bhaint astu? Féachtar ar chuid de na laigí a d’fhéadfadh a bheith ag Ciarraí agus Dún na nGall i gcónaí agus ar an dóigh go bhféadfadh Tír Eoghain agus contae na Mí buntáiste a bhaint as na laigí sin.
Deir Dara linn cén teachtaireacht a bheidh ag bainisteoir na Ríochta, Jack O’Connor an tseachtain seo. Insíonn iarchaptaen Chiarraí dúinn chomh maith cad a bhí á thaifeadadh aige ar an bhfón póca agus é amuigh ar an bpáirc sa Tulach Mhór i ndiaidh do chontae na Mí an ceann is fearr a fháil ar a chontae an mhí seo caite. Agus míníonn sé dúinn cad ina thaobh go mba bhreá lena chroí dá mbeadh an lá le Luimneach in aghaidh Chill Dara i gcluiche ceannais Chorn Tailteann.