
Tá deireadh seachtaine cinniúnach romhainn i gCraobh Peile na hÉireann agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na coimhlintí agus chun na ceisteanna móra a phlé.
Labhraíonn muid ar dtús faoi na cluichí i nGrúpa 4 agus Doire, Áth Cliath agus Gaillimh i mbaol a ndíbeartha ón gcraobh. Deir Dara gurb í foireann Dhoire an ceann is dainséaraí sa gcraobh agus agus go mbeidh thiar ar Átha Cliath a má bhíonn a dtaispeántas chomh breac le botúin is a bhí in aghaidh Ard Mhacha. Pléitear chomh maith cás na Gaillimhe agus a mbeidh i ndán do Phádraic Joyce mura n-éiríonn leo an beart a dhéanamh i gcoinne sheaimpíní na hÉireann.
Bás nó beatha atá i ndán do pheileadóirí Chorcaí Dé Sathairn agus cluiche mór acu in aghaidh Ros Comáin. Deir Dara nach leor a bheith ar bior do chluichí in aghaidh Chiarraí amháin agus go bhfuil sé in am ag na Corcaígh a mianach a léiriú.
Pléadh chomh maith na cluichí móra i nGrúpa 1 agus an baol ann go mbeidh rás Mhaigh Eo rite tráthnóna Dé Domhnaigh mura n-éiríonn leo Dún na nGall a shárú. Caitear súil ar na cluichí eile a bheidh againn i rith an deireadh seachtaine freisin chomh maith le beagán plé ar chluichí ceannais na gcúigí san iomáint an deireadh seachtaine seo caite