
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’
San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá aoi speisialta againn, John Joe Ó Dochartaigh iarbhainisteoir agus iarimreoir le Dún na nGall a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh craobh na hÉireann don contae den chéad uair i 1992. Deir John Joe linn cén fáth gur buntáiste dó a bhí ann nach raibh a fhios aige go mbeadh sé ag imirt ó thosach go maidin an chluiche ceannais an bhliain sin. Deir Dara Ó Cinnéide linn go mbíon package milseán aige maidin an All-Ireland ach go bhfágfadh sé cúpla ceann ar leith ina dhiaidh...
Agus pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a mbeidh tábhacht leo Dé Domhnaigh.
An coimhlint stíleanna a bheidh ann dáiríre? An féidir David Clifford agus Seanie O’Shea a choimeád ciúin. Cad is féidir a dhéanamh le Michael Murphy ? An féidir le Ciarraí na tinte go léir a mhúchadh? Cic amach millteach Shaun Patton. Jim McGuinness agus Jack O’Connor.
An ceangal Gaeltachta agus ‘Na fadúdas (fádtaobhde) in aghaidh na n’fheadars’. Agus ar deireadh thiar, pléitear an cheist is tábhachtaí acu go léir: cé a bhuafaidh an meaits?
Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.